Tá moladh go dtabharfaí an vacsaín do pháistí idir 5-11 bliain d’aois curtha faoi bhráid an Rialtais ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC).
Chinn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an EMA) an mhí seo caite gur féidir an vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain d’aois.
Dhá shnáthaid Pfizer/BioNTech agus trí seachtaine eatarthu a thabharfar do na páistí san aoisghrúpa seo.
Léirigh taighde go bhféadfaí dáileog níos lú den vacsaín a thabhairt do pháistí idir 5-11 agus go mbíonn an éifeacht chéanna aici is a bhíonn ag dáileog níos mó ar dhaoine atá 12 bliain nó níos sine.
Thug an EMA le fios gur tugadh an vacsaín do 1,305 páiste sa triail agus nach bhfuair ach triúr acu an Covid-19. 16 as 663 páiste ar tugadh an placebo dóibh a tholg an galar.
Dúradh gur léiríodh sa staidéar go raibh an vacsaín 90.7% éifeachtach maidir le cosc a chur ar Covid-19 siomptómach, cé go bhféadfadh gur idir 67.7% agus 98.3% a bheadh an fíor-ráta.
Meastar gur ag deireadh na míosa nó sa bhliain nua a chuirfear tús leis an gclár vacsaíní nua.
Déanfar vacsaín a thairiscint do nach 500,000 páiste.
Dúirt an Taoiseach le déanaí go dtiocfadh an chéad lastas vacsaíní do dhaoine óga i dtír ar an 15 Nollaig agus go rabhthas ag súil leis an dara lastas mí Eanáir.