Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
machnamh-a-dheanamh-ag-an-mbord-pleanala-ar-shaineolaithe-pleanala-teanga-a-fhostu

Machnamh á dhéanamh ag an mBord Pleanála ar shaineolaithe pleanála teanga a fhostú

| Tuairisc.ie | ,

Tá glactha ag na húdaráis phleanála leis gur gá dóibh gníomh a dhéanamh chun dul i ngleic leis an fhadhb tithíochta atá sa Ghaeltacht, dar le Conradh na Gaeilge.  

Ag cruinniú de chuid Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh cruinniú “fiúntach” ag an eagraíocht leis an mBord Pleanála le gairid faoi chás na Gaeltachta sa chóras pleanála. 

Sa chur i láthair a rinne Conradh na Gaeilge, dúradh go raibh an eagraíocht ag moladh go mbeadh foireann chuí oilte sa phleanáil teanga ag an mBord Pleanála le haon iarratas a bhaineann le limistéar Gaeltachta a phlé.  

Dúirt Mac Fhlannchadha go raibh cruinniú an tseachtain seo caite ag Conradh na Gaeilge, le hoifigigh ón mBord Pleanála, an Príomhfheidhmeannach Bríd Hill agus Cathaoirleach an bhoird Dave Walsh ina measc. 

Bhí cruinniú maith go leor againn leo. Bhíomar sásta leis an gcruinniú mar thúsphointe. Bhí muid ag cur ceisteanna, go háirithe maidir le fostú cigirí le scil nó cáilíocht sa phleanáil teanga agus daoine a mbeadh tuiscint acu ar chúrsaí sochtheangeolaíochta,” a dúirt Mac Fhlannchadha. “Ceapaim go bhfuil sé féaráilte le rá gur ghlac siad gur gá dóibh obair a dhéanamh air sin.” 

Dúirt Mac Fhlannchadha go raibh cruinniú leis an mBord Pleanála lorgtha “le píosa fada” ach go raibh an lucht pleanála ag fanacht ar chinneadh sa chás Ard-Chúirte faoi fhorbairt i Ráth Chairn sula mbeadh siad sásta bualadh leis an gConradh. 

Peadar Mac Fhlannachadha, Conradh na Gaeilge

Thug Comharchumann Ráth Chairn cás in aghaidh cinneadh de chuid an Bhoird Pleanála cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt sa cheantar ina mbeadh óstán 30 seomra agus 25 teach. Tugadh an cead pleanála don tógálaí in ainneoin gur mhol chigire de chud an Bhoird nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt mar gheall ar an tionchar a bheadh aici ar an nGaeilge sa cheantar. Cuireadh ar ceal san Ard-Chúirt cinneadh an Bhoird Pleanála an mhí seo caite. 

Ag a gcruinniú leis an gCoiste Gaeilge i dTeach Laighean ar an gCéadaoin chuir ionadaithe ó Chomharchumann Ráth Chairn béim ar an ngéarghá a bhí le caighdeán agus rialacháin náisiúnta maidir le measúnacht tionchar teanga, céard a bheadh i gceist léi agus cé a bheadh cáilithe chun í a dhéanamh. 

Cuireadh fáilte roimh an moladh a bhí ag cuid de Phríomhfheidhmeannaigh na gComhairlí Contae Gaeltachta go mbeadh múnla náisiúnta ann chun líofacht sa Ghaeilge a mheas mar nach bhfuil sé “cóir” go dtitfeadh an t-ualach seo ar choiste áitiúil, a bhfuil a gcuid ball ag maireachtáil sa gceantar céanna. 

“Tagann daoine chuig na comharchumainn go minic ag lorg measúnú teanga nó go scríobhfadh muid go bhfuil Gaeilge acu nó go bhfuil riachtanas áitiúil acu. Níor chóir go mbeadh orainn é sin a dhéanamh,” a dúirt Úna Ní Fhaircheallaigh, Leaschathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn. 

“Leis an rud a tharla san Ard-Chúirt, bhí sé sin an-deacair orainn mar bhíomar ag dul in aghaidh duine sa cheantar, an forbróir. Caithfidh tacaíocht teacht ón stát agus ó na húdaráis áitiúla.” 

Níos mó