Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

10 mbronntanas Nollag don Ghael i gCéin

| muireann nic corcrain | ,

Dóibh siúd a bheidh ag fanacht thar lear don Nollaig, tuigim an streachailt a bhíonn ann agus tú i bhfad ón mbaile, gan bheith ar thalamh na hÉireann ag tnúth le Dinnéar na Nollag le do mhuintir uilig.

Ach, thosaigh mé ag smaoineamh ansin ar mo mhuintir féin agus iad gan mise don Nollaig den chéad uair riamh, agus iad théis cúpla téacs a sheoladh ag fiosrú céard atá uaim mar bhronntanas i mbliana. Go macánta, bhí mé dírithe ar bhronntanais a ullmhú dóibh féin agus iad a sheoladh thall in am (beagnach mí roimh ré!). Ach, dóibh siúd atá fós ag smaoineamh ar na rudaí a theastóidh uaibh don Nollaig seo thar lear, tá liosta beag curtha le chéile agam chun cúpla smaoineamh a mhúscailt ionaibh!

Barry’s Tea

Sula dtosaíonn muintir Lyon’s Tea ag troid liom, is cinnte gur féidir libh ionadaíocht a dhéanamh, ach táimid uilig ar an eolas faoin cé acu ceann is fearr. Níl aon rud níos fearr ná an bosca dearg sin a fheiceáil, lán leis an mboladh álainn sin a mhúsclaíonn boladh mo chistine sa bhaile ionam. Ach bí cinnte go bhfuil citeal agat, bhí orm dul ag cuardach ceann ar líne mar níl sé ar fáil in aon siopa cóngarach dom!

Púdar Seacláide Cadbury’s

 I rith an gheimhridh, nuair a bhíonn sé ag éirí níos fuaire agus tá cupán seacláide te uait in aice leis an tine, nó nuair atá tú i do shuí ar an tolg ag féachaint ar scannáin Nollag, níl aon rud níos fearr ná Cadbury’s. Tá an tseacláid the anseo i Meiriceá maith go leor, ach níl sé mar an gcéanna. Nuair a tháinig mo Mham ar chuairt orm, thóg sí bosca mór léi dom agus bhí mé ar bís faoi.

Rud éicint ó O’Neill‘s

Is cuma má tá geansaí contae nó geansaí do chlub i gceist, níl clú agus cáil bainte amach ag branda eile an tslí chéanna is atá ag geansaí O’Neill’s ag imeachtaí spóirt idirnáisiúnta nó go ginearálta ar fud an domhain. Cabhraíonn sé leat tús a chur le comhrá le hÉireannach eile nó duine nach bhfuil clú acu céard atá i gceist le do gheansaí. Arís, is rud deas é bheith agat ón baile, ag coinneáil píosa den bhaile leat agus tú i bhfad ón gclub áitiúil.

Uisce Beatha 

Níl aon rud níos fearr ná buidéal Jameson nó Tullamore Dew a fháil ón mbaile.

Geansaí Árann 

Anois, má tá cónaí ort in áit te, b’fhéidir nach n-oireann sé seo duit! Ach dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu in áit atá fuar go leor sa gheimhreadh, cosúil le Alaska nó an Rúis srl, is fiú ceann a bheith agat, agus gealladh a dhéanamh taisteal go hÁrainn an chéad uair eile a bheidh siad sa bhaile.

Brioscaí McVities nó Tayto

Bíonn sé seo de dhíth ar aon nós, fiú nuair nach bhronntanas atá i gceist! Cuireann sé frustrachas orm nach bhfuil Chocolate Digestives agam le haghaidh mo chupáin tae. Cé go bhfuil cookies agus a leithéidí anseo, uaireanta níl uaim ach briosca agus tae, ag smaoineamh ar an craic a bheadh agam le mo Nana i mBun Clóidí ar an Domhnach tar éis an dinnéir rósta.

Leabhar Cócaireachta ó Chócaire Éireannach

Chaith mé deireadh seachtaine in New Hampshire roimh dheireadh an téarma anseo, agus chuaigh mé féin, mo bhuachaill agus a thuismitheoirí go pub Éireannach darbh ainm May Kelly’s. Bhí béile acu darbh ainm ‘Taste of Ireland’ agus ba é sin an chéad uair anseo a bhlais mé stobhach agus pióg an aoire. Cabhróidh leabhar cócaireachta Éireannach (is cuma má tá ceann Rachel Allen, Donal Skehan, Catherine Fulvio, Neven Maguire atá i gceist) chun na béilí sin a réiteach chun blas den bhaile a bheith agat anois is arís. Nó bí cosúil le mo Nana agus seol do chuid oideas féin sall!

Leabhar ó údar Éireannach 

Tá clú agus cáil ar scríbhneoirí Éireannacha timpeall an domhain (cuireadh ceist orm maidir le James Joyce an oiread sin uaireanta), ach uaireanta bíonn sé go deas do scíth a ligeadh le leabhar atá lonnaithe i do bhaile féin agus tú ag déanamh comparáid idir na carachtair agus na leaids áitiúla a bhfuil aithne agat orthu!

Pictiúr deas den áit is fearr leo in Éirinn

 Chonaic mé grianghraf álainn den Spidéal le déanaí agus rinne mé cinneadh é a cheannach dom féin. Ba é sin an áit ar fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge agus cheap mé go mbeadh sé go deas na cuimhneacháin sin a choinneáil beo agus an pictiúr seo crochta i m’árasán.

Póstaer Westlife

Ok, fan liom leis an gceann seo. Sheinn mé cúpla amhráin Westlife ag cóisir tí agus bhí na hÉireannaigh uilig ag damhsa timpeall na háite nuair a chuala siad ‘When You’re Looking Like That’, díreach cosúil le bheith ar ais in Coppers! Cinnte roghnaigh póstaer a bhfuil banna eile Éireannach air, ach ná habair nach raibh sibh ag smaoineamh ar na hamhráin Westlife atá ar eolas agat, cé nach bhfuil tú ag iarraidh é a admháil!

Níos mó