Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘indigenous-tweets’-deich-mbliana-ar-an-bhfod

‘Indigenous Tweets’ deich mbliana ar an bhfód

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá an suíomh Indigenous Tweets deich mbliana ar an bhfód anois. Ba é an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri i Meiriceá a bhunaigh an suíomh i dtreo dheireadh na bliana 2011 le súil a choinneáil ar úsáid mionteangacha ar Twitter. Ó shin i leith tá eolas á bhailiú aige faoi úsáid na Gaeilge agus 185 teanga eile ar an suíomh meáin sóisialta. 

Tá na deicheanna de mhílte úsáideoirí agus na mílte míle giolcacha i roinnt teangacha – an Ghaeilge, an Bhreatnais, agus an Bhascais ina measc – agus ní bhíonn ach dornán beag daoine ag giolcaireacht i dteangacha eile nach bhfuil leath chomh láidir céanna leis an nGaeilge. Ach bailítear eolas ar chuile cheann acu, beag beann ar líon na n-úsáideoirí ná líon an ngiolcacha. 

In aiste a scríobh an tOllamh Scannell le deireanas, dúirt sé go bhfuil “ról tábhachtach” ag Indigenous Tweets i gcur chun cinn na bpobal teanga atá an-bheag go deo agus i mbaol a mbáite ar líne i measc na mórtheangacha idirnáisiúnta, leithéidí an Bhéarla, an Spáinnis, an Fhraincis, agus an Araibis. 

Cuireann Indigenous Tweets leathanach ar an suíomh ar leataobh do chuile cheann de na 185 teanga. Ar na leathanaigh teanga sin bíonn liostaí de na húsáideoirí is bisiúla sna teangacha éagsúla agus eolas faoi na húsáideoirí sin – líon na ngiolcacha a sheol siad, líon na leantóirí atá acu, agus céatadán na ngiolcacha a bhíonn sa mionteanga atá i gceist i measc nithe eile. 

Toradh ar an togra nach raibh súil ar bith ag Kevin leis ná an iomaíocht a gineadh idir roinnt úsáideoirí Twitter a bhíonn ag giolcaireacht ina dteanga dhúchais. Dúirt sé go bhfuil fianaise ann gur spreag na liostaí seo daoine le bheith ag giolcaireacht níos minice sna teangacha le go mbainfeadh siad áit níos airde amach ar an liosta de na cúig chéad úsáideoirí is mó a bhíonn ag scríobh teachtaireachtaí sa teanga. 

Chuaigh go leor oibre isteach in Indigenous Tweets, agus déanann an suíomh féin go leor oibre gach lá den tseachtain. Braitheann an clár go mór ar chódú agus ar shonraí a thagann ón uirlis Crúbadán a chruthaigh Kevin cúig bliana déag ó shin. Déanann an Crúbadán cuardach mall ar théacsanna ar líne i dtuairim is 2,200 teanga. Is féidir leis an uirlis teangacha a aithint thar a chéile trí fhocail nó patrúin litreacha a aimsiú. 

Faoi láthair, déanann Indigenous Tweets neamhaird de ghiolcacha dátheangacha nó de ghiolcacha a bhfuil an códmhalartú le feiceáil iontu, ach deir Kevin go bhfuil súil aige breathnú ar an gcineál sin giolcaireachta amach anseo ó “d’fhéadfaí léargas a fháil ar nósanna teangeolaíocha na ngiolcairí ilteangacha”. 

Chomh maith leis sin, tá spéis ag Kevin breathnú ar theangacha nach scríobhtar amach anseo. Tá an togra ag braith go príomha ar bhogearraí a dearadh le teangacha scríofa a aithint. Fágann sé sin nach dtugtar aird ar bith ar fhíseáin, pictiúir, GIFeanna, méimeanna agus meáin eile a cheanglaítear leis na giolcacha. 

“Ba mhaith linn é seo a chur ina cheart amach anseo mar bíonn eolas spéisiúil teangeolaíoch sna míreanna meáin seo anois is arís, mar shampla téacs leabaithe in íomhá, nó an teanga a labhraítear nó a comharthaítear i bhfíseán, nó fiú an ceangal idir an buntéasca i ngiolc agus an íomhá a théann leis. Chuirfeadh sé sin ar ár gcumas an togra a leathnú go teangacha comharthaíochta agus teangacha nach scríobhtar freisin,” a dúirt an tOllamh Scannell. 

Níos mó