Tráthnóna Dé Céadaoin in Óstán an Clayton i Luimneach a reáchtáladh Craobhacha Réigiúnacha Chonnacht agus na Mumhan de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2022.
‘Tá an bhearna idir saibhir agus daibhir ag laghdú in Éirinn’ an rún a bhí á phlé ag na ceithre fhoireann i gcomórtas na sóisear.
Bhí Gaelcholáiste Choilm Chorcaí agus Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil i bhfabhar an rúin agus bhí Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcoinne an rúin. Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne a chuaigh ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann.
Ba é an rún a bhí le cíoradh ag na foirne sinsir ‘Tá moladh mór tuillte ag an Rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime’. Bhí foireann Choláiste Chroí Mhuire agus foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin i bhfabhar an rúin, agus bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Gaelcholáiste Chiarraí i gcoinne an rúin. Dhá fhoireann Chonamara a ligeadh ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann – Coláiste Chroí Mhuire agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin.
Mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm ag an Rialtas in aghaidh Covid-19, ní raibh cead ag aon lucht féachana a bheith i láthair ag na díospóireachtaí. B’éigean na babhtaí seo a chur ar athló roimh an Nollaig de bharr na paindéime.
Na rúin chéanna a bhí ag foirne Laighean agus Uladh tráthnóna aréir nuair a reáchtáladh an Chraobh Réigiúnach eile de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2022 in Óstán an City North, i gContae na Mí.
Gaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mór agus Coláiste Pobail Ráth Chairn a bhí i bhfabhar rún na sóisear, ‘Tá an bhearna idir saibhir agus daibhir ag laghdú in Éirinn’. Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, agus Coláiste Oiriall, Muineachán, a bhí ina choinne. Foireann Choláiste Pobail Ráth Chairn agus Coláiste Eoin a thug an svae leo agus a bheidh ag tabhairt faoi Chraobh na hÉireann.
Ag plé rún na sinsear, ‘Tá moladh mór tuillte ag an Rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime’, bhí Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Gaelcholáiste Cheatharlach i bhfabhar an rúin agus ba iad foirne Choláiste Chillian, Cluain Dolcáin, agus Phobalscoil Ghaoth Dobhair a labhair ina choinne. Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair an dá fhoireann sinsir a rachaidh ar aghaidh go Craobh na hÉireann.
Bronnadh plaiceanna ar na cainteoirí ar fad a bhí páirteach sa Chraobh Réigiúnach as a gcuid rannpháirtíochta sa chomórtas.
Toisc nach raibh lucht tacaíochta i láthair, tá taifeadadh den dá chraobh díospóireachta ar fáil ar chainéal YouTube Gael Linn.