Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-go-leor-ag-teacht-o-ollscoil-connecticut-in-2022-–-coinnigh-suil-orainn!

Tá go leor ag teacht ó Ollscoil Connecticut in 2022 – coinnigh súil orainn!

| muireann nic corcrain | ,

Is deacair a chreidiúint go bhfuil 2022 buailte linn faoi dheireadh, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil mé leath slí trí mo scoláireacht Fulbright. Is deacair a chreidiúint go bhfuil an pointe seo sroichte agam cheana féin, d’imigh briseadh na Nollag iontach tapa Bhain mé an sult as an Nollaig anseo sna Stáit Aontaithe, agus thug mé faoi deara go bhfuil cúpla rud eile atáim ag iarraidh a bhaint amach sula bhfuil orm dul abhaile sa samhradh. Agus mé ar coraintín de bharr an coróinvíris (athbhliain faoi mhaise dom féin!), chaith mé súil siar ar na himeachtaí agus na heispéiris a sheas amach domsa go dtí seo, agus mé ag tnúth go mór leis an aistear atá fós romham amach anseo.

Traenáil le Hartford GAA na nÓg – Bhí mé iontach neirbhíseach nuair a tháinig mé amach anseo mar ní raibh taithí agam bheith in áit nua le haghaidh tréimhse chomh fada seo. Ach nuair a thosaigh mé ag traenáil leis na cailíní agus buachaillí i Hartford GAA, bhí mé iontach sásta dul agus cabhrú le daoine óga taithí dhearfach a fháil le cuid lárnach de chultúr na hÉireann. 

Nua Eabhrac, Chicago, South Bend, Burlington – Tá an t-ádh dearg orm go bhfuilim tar éis taisteal go háiteanna éagsúla timpeall na tíre go dtí seo, agus tá an liosta seo ag fás chuile lá. D’fhoghlaim mé go leor maidir le cultúr Mheiriceá agus an ról lárnach atá ag an teaghlach dóibh siúd ar bhuail mé leo agus mé ag taisteal. Chomh maith leis sin, bhíos i mo thurasóir ceart ag baint sult as bheith in áiteanna nua.

Obair na hOllscoile – Bhí an seimeastar seo caite ar fheabhas mar thaithí bheith ag obair in ollscoil anseo sna Stáit Aontaithe agus ní athródh mé aon rud. D’fhoghlaim mé go leor maidir le bheith ag obair le mic léinn, comhghleacaithe agus daoine sa phobal atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn agus ag súil le tionscnaimh nua san athbhliain leo uilig. Bhí sé go deas spéis na mac léinn a fhorbairt sa teanga agus sa chultúr. Chomh maith leis sin, bhí taithí agam ranganna a thógáil chun tuiscint níos fearr a fháil ar chultúr na mBundúchasach agus daoine bodhra, taithí den scoth bheith mar mhac léinn in ollscoil i Meiriceá. Níor shíl mé riamh go mbeadh deis mar sin faighte agam agus bhí sé suimiúil comparáid a dhéanamh idir na ranganna a bhí agam in Éirinn agus na ranganna thall anseo.

Lá Nollag i Syracuse – Bhí sé iontach deacair bheith fada ón mbaile den chéad uair don Nollaig, ach bhí an t-ádh orm Lá Nollag a chaitheamh in áit álainn lán sneachta. Buíochas le FaceTime, bhí mé in ann mo bhronntanais a oscailt le mo mhuintir sa bhaile, agus iad ag roinnt bronntanas ó Dhaidí na Nollag liomsa.

Seimeastar a Dó – Le cúnamh Dé, beidh an seimeastar seo lán le himeachtaí agus turais go Houston, Washington DC, Orlando agus St. Louis. Tiocfaidh fás agus forbairt ar an gCumann Gaelach anseo agus beidh mé ag súil go mór le tuilleadh traenáil a dhéanamh le Hartford. Maidir leis na ranganna Gaeilge, fan go bhfeice sibh na mic léinn atá a bheidh lán go béal Gaeilge agus atá chun dul ag tóraíocht i gcultúr na hÉireann. Tá go leor ag teacht ó UConn, coinnigh súil orainn!

Níos mó