125 Bliain den Oireachtas & Cothú Nualitríocht na Gaeilge faoi chaibidil ag Scoil Gheimhridh Merriman 2022
125 Bliain den Oireachtas & Cothú Nualitríocht na Gaeilge faoi chaibidil ag Scoil Gheimhridh Merriman 2022
Online Lecture / TalkBeidh Scoil Gheimhridh Merriman ar siúl ar líne ón 21-23 Eanáir 2022. Is cúis mhór áthais dúinn san Oireachtas gurb é 'An tOireachtas agus Cothú na Nualitríochta' téama na scoile i mbliana, 125 bliain tar éis an chéad fhéile Oireachtais i 1897.
Cuirfear tús le himeachtaí na scoile ag 7.30 p.m.Dé hAoine, 21 Eanáir 2022 nuair a osclóidh Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir an scoil go hoifigiúil.Déanfar plé ar chothú na cumadóireachta liteartha, ar chothú an phobail léitheoireachta, ar amhráin Ghaeilge an Chláir agus ar scothshaothair liteartha an Oireachtais le 125 bliain anuas.
Beidh seoltaí leabhar ar siúl ar Shatharn na scoile agus cuirfear críoch spleodrach le himeachtaí an tSathairn le Seó an Oireachtais ina mbeidh fíorscoth na dtaibealaíona traidisiúnta á léiriú. I measc na n-aíonna a bheidh rannpháirteach, beidh Treasa Ní Mhiolláin, Éamon Ó Donnchadha, Neans & Micil Mac Donncha, Ruadhán Ó Flatharta & PJ Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile, Máire Ní Choilm, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Joe Ó Dónaill, Ray Mac Mánais, Páid Ó Neachtain,Bróna Ní Uallacháin & Aisling Ní Neachtain.
Ní ghearrfar aon táille ar imeachtaí na scoile agus ní gá clárú roimh ré. Reáchtálfar na himeachtaí uile ar an gcóras Zoom agus crochfar na nascanna éagsúla ar www.merriman.ie lá nó dhó roimh ré.
#Oireachtas2022 #Merriman2022