Tá Raidió Fáilte le cúrsa traenála speisialta a reáchtáil chun mná a mhealladh i dtreo na craoltóireachta raidió.
Is í an craoltóir Caoimhe Ní Chathail a bheidh i mbun an chúrsa, atá do mhná amháin. Reáchtálfar na ranganna thar cheithre seachtaine agus é mar sprioc go gcraolfaidh gach bean a bheidh ar an gcúrsa clár nua dá cuid féin Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta, nuair is mná amháin a bheidh ar sceideal Raidió Fáilte.
Deir Ní Chathail, a bhíonn ag craoladh ar Raidió Fáilte agus ar BBC Raidió Uladh agus a bhfuil cláir teilifíse léirithe agus curtha i láthair aici ar BBC agus TG4, gur deis iontach é an cúrsa do mhná ar suim leo cúrsaí craoltóireachta.
“Tá mé ag dúil go mór traenáil raidió a chur ar fáil do na mná seo agus cuidiú leo tús a chur lena n-aistear ar Raidió Fáilte, áit ar fhoghlaim mé féin cuid mhór mar chraoltóir. Is iontach an deis í do mhná a gclár raidió féin a chur le chéile agus is pribhléid domsa a bheith in ann tacú leo.
“Beidh Lá Idirnáisiúnta na mBan iontach againn i mbliana ar Raidió Fáilte, idir na cláracha úra ó lucht an chúrsa agus sceideal speisialta a bheas againn i rith an lae. Lá raidió ar leith a bheas ann!”
I dteannta Chaoimhe, beidh an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin, a chuireann Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair, ina haoichainteoir ar an chúrsa.
Is í seo an dara bhliain den chúrsa, a chuirtear ar fáil le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, agus deir Raidió Fáilte go raibh an-rath air in 2021.
I mbliana, beidh na seisiúin traenála ar siúl ar an ardán ar líne Zoom gach oíche Mháirt ón 1 Feabhra go dtí an 22 Feabhra idir 7-9in.
Más suim leat a bheith páirteach sa chúrsa nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, cuir r-phost chuig traenail@raidiofailte.com nó cuir glaoch ar 028 90 310013 (9:30rn go 5:00in).