Tá beirt roghnaithe le dul i mbun oibre ar an mBlascaod Mór i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
As an Ísiltír í Claire de Haas atá 27 bliain d’aois agus as Ceanada é Brock Montgomery atá 29 bliain d’aois. Bhíodh Brock ag imirt haca go gairmiúil agus tá comhlacht éadaigh á rith anois aige.
Post é seo a mbíonn an-tóir air agus de ghnáth tagann na céadta iarratas. Seo an tríú bliain ag an mbeirt seo cur isteach ar an deis cónaí agus obair ar an oileán cáiliúil.
Choinníodar i dteagmháil leis an lánúin a bhíonn i bhfeighil na fostaíochta seo, Alice Hayes agus Billy O’Connor, agus suim mhór á leiriú i gcónaí acu an post a dhéanamh agus bhíodar sin in ann an post a phlé leo ar líne agus é a thairiscint dóibh. Is garmhac é Billy O’Connor le Peter Callery, an dlíodóir ón Daingean arbh leis cuid mhór den oileán tráth.
Beidh an bheirt i bhfeighil chaifé agus lóistín an oileáin ón 1 Aibreán go dtí mí Dheireadh Fómhair.
Beidh daoine in ann an bheirt a leanúint ar na meáin shóisialta agus iad ag ullmhú agus ag tabhairt faoina saol nua ar an mBlascaod.
Táthar ag súil go mbeidh daoine in ann dul ar cuairt ar an oileán arís faoin 1 Aibreán.