Tá an Ghaeilge fágtha ar lár agus conarthaí luach breis is €12 milliún aontaithe ag an Aontas Eorpach le gníomhaireachtaí aistriúcháin ar fud na hEorpa.
D’aontaigh an tAE ocht gconradh ar fiú idir €1-2 milliún an ceann iad le comhlachtaí aistriúcháin mí Eanáir na bliana seo ach níl aon chonradh sínithe maidir le tairiscint a bhain le suas le 25,900 leathanach a aistriú ó Bhéarla agus ó Fhraincis go Gaeilge.
Tuigtear do Tuairisc gur chuir gníomhaireachtaí isteach ar an tairiscint don bheart Gaeilge ach nár aontaíodh conradh le haon cheann acu.
Is faoi na gníomhaireachtaí a bhí sé a ráta féin a lua agus cuireadh sin agus torthaí scrúdú aistriúcháin san áireamh agus na conarthaí á mbronnadh. D’fhéadfaí conarthaí a bhronnadh ar suas le cúig ghníomhaireacht aistriúcháin don bheart Gaeilge.
Tuigtear nach bhfuil cinneadh déanta go fóill maidir le babhta tairisceana eile don ábhar Ghaeilge a sheoladh amach anseo.
Chuir Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin san AE an obair amach ar tairiscint mí an Mhárta 2021 agus bhí go dtí mí Bealtaine ag gníomhaireachtaí aistriúcháin le cur isteach uirthi.
Bhain na tairiscintí le hábhair a aistriú go Bulgáiris, Cróitis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Rómáinis, Slóivéinis, Spáinnis agus Gaeilge, ach ba é an beart a bhí le haistriú go Gaeilge an t-aon cheann nár aontaíodh conradh dó.
Conradh bliana a bhí i gceist ach d’fhéadfaí an conradh a athnuachan ina dhiaidh sin.
Bhain an Ghaeilge lánstádas amach mar theanga san Aontas Eorpach ar an 1 Eanáir, 2022 agus í anois ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile, rud a fhágann go mbeidh ardú mór ar an saothar a bheidh le haistriú go Gaeilge.
Mheas an Coimisiún Eorpach go mbeadh dóthain aistritheoirí Gaeilge ag an AE don ualach mór breise aistriúchán Gaeilge a bheidh orthu a láimhseáil feasta ach bíonn conarthaí á n-aontú le comhlachtaí aistriúcháin seachtracha chun cuid den obair aistriúcháin Ghaeilge a bhíonn le déanamh ag Parlaimint na hEorpa a dhéanamh.