Turas Siúil ó Dún Richmond go Chill Mhaighneann
Turas Siúil ó Dún Richmond go Chill Mhaighneann
@ Richmond Barracks
Seachtain na Gaeilge with EnergiaTá an tsiúlóid ó Dhún Richmond go Cill Mhaighneann fréamhaithe i dtírdhreach saibhir stairiúil agus polaitiúil Bhaile Átha Cliath. Ag tosú i nDún Richmond a tógadh in 1810, beidh cuairteoirí ag foghlaim faoina stair mar cheann de na beairicí arm is mó in Éirinn, áit ina raibh cónaí agus inar cuireadh oiliúint ar gach reisimint d’arm na Breataine le linn a staire 100 bliain. B’fhéidir gur fearr aithne air inniu mar an áit inar coinníodh agus inar cuireadh faoi thriail armchúirte ceannairí Éirí Amach 1916 sular cuireadh chun báis iad i bPríosún Chill Mhaighneann in aice láimhe.
Agus lorg na bhfear seo á leanúint agat, gheobhaidh tú amach faoin stair cheilte fhairsing agus faoi na laochra áitiúla a mhúnlaigh aghaidh stair na hÉireann agus cultúr na hÉireann. Faoi stiúir treoraithe turais gairmiúla, foghlaimeoidh cuairteoirí faoi fhilí, faoi phlaiceanna agus faoi thírghráthóirí agus faoi iliomad scéalta na háite iontach seo.
“Bhí an scéalaíocht agus an t-eolas iontach a bhí ag Fergus siamsúil agus spéisiúil. Mholfainn go mór é do chairde agus do mhuintir.” – Cuairteoir.
Tuilleadh eolais anseo.
https://www.richmondbarracks.ie/