Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘cen-fath-nach-bhfuil-muid-ag-tabhairt-an-tseans-cheanna-vacsainithe-do-ghasuir?’

‘Cén fáth nach bhfuil muid ag tabhairt an tseans chéanna vacsaínithe do ghasúir?’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Tá mé cineál i bponc. Tá beagnach dhá bhliain caite agam ag rá go gcaithfidh muid cloí leis an gcomhairle a thugann saineolaithe sláinte poiblí dúinn. Nílim ag rá gur aontaigh mé le chuile chinneadh a rinneadh. Creidim go raibh muid i bhfad rómhall le mascanna agus arís i bhfad rómhall le mascanna ar ghasúir scoile agus gur íoc muid as sin. Bhí muid freisin i bhfad ró-mhall leis na srianta taistil idirnáisiúnta anuraidh, nuair a dúradh linn gan an t-oileán a fhágáil, ach bhí bealach isteach fós ag aon duine a raibh fonn orthu. 

Bíodh sin mar atá, go ginearálta, caithfear glacadh leis go ndearna an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí  (NPHET) jab maith. Go háirithe nuair a thuigeann muid na laincisí a bhí ar an gcóras sláinte mar gheall ar easpa foirne agus easpa spáis. 

Théis an méid sin tá mé drogallach faoin athrú a deirtear linn atá ag le teacht maidir le mascanna. Nach mbeidh aon iallach á chur ar dhaoine iad a chaitheamh níos mó, agus nach mbeidh ann ach moladh, seachas in áiteanna cosúil le hospidéil. Tá scoileanna fós ag streachailt. Níl an vacsaín faighte ag móráin gasúr (locht eile mar creidim nach raibh an chumarsáid sách láidir in iarracht tuismitheoirí a mhealladh). 

Tá go leor scoileanna fós á chailleadh agus daltaí agus múinteoirí curtha as aicsean. Ní raibh aon fhigiúir againn go dtí le cúpla lá faoin líon gasúir a bhí san ospidéal mar gheall ar COVID-19. Sa tréimhse ó thús na bliana bhí os cionn 500 tréimhse san ospidéal ag gasúir idir 0-14 bliain. Sin 37% de gach tréimhse ospidéil do gach gasúir ó 2020. 

Má cheapann tú go bhfuil mascanna nó vacsaín ag cur brú ar ghasúir, samhlaigh an brú a bhaineann le tástáil ospidéil, mascanna lán le hocsaigin agus an strus ar fad a bhaineann leis. Tá thart ar 47 gasúr ag dul ag an ospidéal chuile sheachtain mar gheall ar COVID-19. Galar is féidir a thriail a sheachaint le mascanna agus vacsaíní.

Fuair muidne, na daoine fásta, deis péire de na snáthaid a fháil, agus an tríú ceann nuair a tháinig Omicron. Níl go leor de na páistí a tholg COVID faoi Nollaig agus san Eanáir i dteideal vacsaín fós mar gheall air seo. Cén fáth nach bhfuil muid ag tabhairt an tseans chéanna do ghasúir? 

Cén fáth nach bhfuil muid ag coinneáil mascanna ar an gcóras iompair poiblí? Cén dochar a dhéanfadh sé? Is ar éigean go raibh slaghdán orm le dhá bhliain agus is iontach an faoiseamh ón smaois é!

Nó meas tú an bhfuil an t-imní atá orm thar fóir? Is grúpa caomhach iad NPHET, go ginearálta. Is iomaí uair le dhá bhliain go raibh mé buíoch gur ó dheas den teorann a bhí mé agus ní ó thuaidh. Mar sin, seans maith gur acu atá an ceart an uair seo chomh maith. Ach fós, ní maith liom é. 

Níos mó