Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
carachtairi-na-leithinse:-caitlin-mhike-bhiddy

Carachtairí na Leithinse: Caitlín Mhike Bhiddy

| Slaine Ni Chathallain | ,

Fáilte romhaibh ar fad go sraithín beag atá curtha romham agam féin, a bhuí le ceann feadhna NÓS a thug cead mo chinn dom scaoileadh faoina leithéid. Tá súil agam saibhreas cainte ó phócaí beaga ar fud Chorca Dhuibhne a thabhairt chugaibh sna seachtainí romhainn, ó bhéalaibh bhlasta charachtairí na leithinse. 

Táim chun an tsraith bheag seo a thosnú le bean seoigh darb ainm Caitlín Bean Uí Mhóráin, nó Caitlín Mhike Bhiddy, mar a tugtar go ceanúil i bParóiste na Cille uirthi. Ba é Mike Bhiddy Ó Móráin a fear céile, atá caillte le dhá bhliain.

Is ó Dhún Chaoin a shíolraigh Caitlín ach bhuail sí fúithi in Arda Mór i bParóiste na Cille in éineacht le Maidhc agus bhí triúr clainne orthu. Seo cúpla ceist a chuireas chuici:

Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann?

Bhí naonúr clainne aige mo mháthair is aige m’athair. Cailleadh beirt. So chaitheamair maireachtaint lena chéile. Bhínn féin is Daid i gcónaí ag tabhairt na mba abhaile le chéile agus ag crú na mba. Bhíodh cuid acu a bhíodh chomh righin, bhíodh na siní chomh righin le n’fheadar cén rud, ach d’fhágadh Daid, trócaire ar a anam, agamsa, an bhó ba righne a bhí ann! Bhíodh Daid ag rá ‘an bhfuil sí crúite fós agat?’

Bhíodh bucket breá bainne aici. So gheibhimis aníos an port agus soir abhaile agus paca plúir, chaithfeá mar dhea stráinín a chur ar a bharra chun an bainne a scagadh agus ansan bhíodh m’uncail Maidhc,  thugaidís an bainne go dtí’n uachtarlann. So bhí saol ana-dheas againn agus bhí dream ana-dheas i nDún Chaoin ach anois inniu, n’fheadaraís cé tá ann.

Cén saghas duine is ea tú?

Bhuel, n’fheadar cén saghas duine mé ach duine is ea mé ná féidir liom fanacht aige baile! Caithfidh mé a bheith ag imeacht is ag imeacht is ag imeacht i gcónaí i gcónaí. Ó cailleadh m’fhear céile, ní féidir liom fanacht aige baile. Deinim amach gur saghas duine, ní ghlaofainn simplí air, ach n’fheadar cad é an saghas rud é! Is breá liom a bheith i gcomhluadar le daoine agus a bheith amuigh so téim go dtí Baile na nGall na haon Dé Domhnaigh agus bíonn cúpla deoch agam agus bíonn cleas ana-dheas i mBaile na nGall. So tagaim abhaile ansan agus beidh mo dhinnéar agam.

Cén lá ab fhearr a bhí riamh agat?

An lá go gcuaigh m’fhear céile, Mike Moran, siar go Dún Chaoin, é féinig agus cúpla duine eile ina theannta agus bhuail sé le Caitlín agus cheap Caitlín ambaiste, go raibh sé ana-dhathúil agus ana ghoodlooking, agus ambaiste, luíomair lena chéile! Ach cheapamair ná luífimis i bhfad lena chéile agus is é an áit a théimis ag cuairteoireacht ná síos sna leithrisí a bhíodh thíos laistíos don scoil agus ní raibh fhios aige Daid ná aige Mam cá rabhas, saghas rambler éigin ab ea mé

Cén clár teilifíse nó clár raidió is mó a thaitníonn leat?

Is maith liom Togha agus Rogha ó Bhóthar na Léinsí. Sin é an clár is fearr liom, agus Cartlann Bhóthar na Léinsí agus is dóigh liom go gceart go mbeadh níos mó don seanadhream le clos.

Cén chomhairle a bheadh agat chun an saol is fearr a chaitheamh?

Éirí den gcathaoir agus gabháil amach duit féinig faoin aer agus a d’iarraidh do shaol a chur níos fearr ná mar atá.

Cén nath cainte/amhrán is fearr a thaitníonn leat?

Na bairillí. Bhíodh sé aige Pound. Bhreá liom ‘chuirfinn trí thúin, trí thúin, chuirfinn trí thúin i dtrí bhairille’, nó pé rud é.

Is amhránaí deas í Caitlín féin, agus amhráin ar nós Buachaill ón Éirne aici, a chuala sí aige na muintir, a hathair Mhuiris Bheit Ó Lúing ach go háirithe. Ba í Peig Sayers seanaintín Chaitlín.

Caitlín Mhike Bhiddy

Níos mó