Sheol Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cartlann Chonradh na Gaeilge le déanaí. Tá breis agus 600,000 mír sa chartlann, go leor acu ag dul siar breis is céad bliain. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
An cartlannaí Niamh Ní Charra le clár cheoldráma de chuid Craobh Londan i 1904. Nuair a d’éirigh amhránaí as cuireadh forlíonadh sa chlár ag fógairt amhránaí óg 20 bliain d’aois ina áit: Count John McCormackNiamh Ní Charra, an cartlannaí a rinne an catalógú; Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉG, Peadar Mac Fhlannchadha, Conradh na Gaeilge agus an Dr John Walsh, Ollamh Comhlach le Gaeilge in OÉ Gaillimh, ag breathnú ar leabhar craoibhe an ChonarthaAn Dr John Walsh, a bhí i gceannas ar shealbhú na cartlainne leis an mír is ansa leis: fógra piseanna talún rósta ag Aer LingusDíol suntais na míreanna ar fad idir cháipéisí, phóstaeir agus ghrianghraifSeic do Phádraig Mac Piarais luach seacht bpunt agus ceann ó Toirdhealbhach Mac Suibhne luach dhá phunt ceithre scilling agus réalBallraíocht craoibhe ó 1906Mná camógaíochta Chraobh Chonradh na Gaeilge: An chéad phictiúr d’imreoirí camógaíochta riamh a glacadh i mí na Samhna, 1904Fleadh na Leanaí, Oireachtas 1909Leabhar chraobh LondanEagráin den nuachtán, Amárach, le fógra ó Mhicheál D Ó hUiginn i 1981Uaireadóir Casio as GaeilgeFeachtas frith-chinedheighilte ó 1981Tús le feachtas chun teilifís na Gaeilge a fháilCláir Ard-Fheiseanna Chonradh na Gaeilge. Bhí an tUachtarán Máire Mhic Róibín agus Proinsias Mac Aonghusa mar aoichainteoiríTá a scéal féin ag gach mír sa chartlann