Bheannaigh mac Bhanríon Shasana, Séarlas, do mhuintir Phort Láirge i nGaeilge inniu agus é sásta a bheith ina measc.
“Tá áthas an domhain orainn a bheith anseo i bPort Láirge,” arsa an prionsa.
I mBéarla a dhúchais dúirt sé “nach comharsana amháin a bhí sa dá thír seo ach comhpháirtithe”. Dúirt Prionsa Shasana gur “tír mhaorga” a bhí in Éirinn agus gur “bóthar achrannach a chuireamar dínn le chéile uaireanta”.
Turas trí lá atá Séarlas agus a bhean Camilla a thabhairt ar an tír seo, an chéad sciuird oifigiúil thar sáile acu ó bhuail an phaindéim an domhan. Bhíodar i mBéal Feirste agus i gcontae Thír Eoghain i dtús na seachtaine sular thugadar seáp go Port Láirge agus Tiobraid Árann. Tabharfaidh siad cuairt ar Charraig Phádraig i gCaiseal Mumhan amárach, rud a rinne máthair Shéarlais, Banríon Eilís Shasana nuair a tháinig sise anall sa mbliain 2011. Tharraing a cuid Gaeilge sin caint agus moladh freisin ar an turas sin.
Deir lánúin ríoga Shasana gurb í mian a gcroí cuairt a thabhairt ar gach contae sa tír seo.
Agus iad i bPort Láirge inniu bhuaileadar le grúpaí pobail, le lucht gnó agus le polaiteoirí. Agus é ag caint le cuid de mhuintir na hÚcráine sa gcathair sin thagair mac na Banríona don “éiginnteacht” a bhí roimh phobal na hÚcráine agus “an t-ionsaí brúidiúil” a rinneadh ar a dtír.
Dúirt sé go raibh go leor daoine ag cuimhneamh orthu agus ag guí ar a son agus léirigh sé a mheas ar gach duine atá ag tacú leo.
Rinne cúpla duine agóid agus comhartha ar crochadh acu in aghaidh chuairt an teaghlaigh ríoga.