![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F03%2Fcgucd.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=e4b79956)
Bál na Gaeilge (An Cumann Gaelach, UCD)
Bál na Gaeilge (An Cumann Gaelach, UCD)
@ Óstán Hampton
Arts and EntertainmentI ndiaidh dhá bhliana, cuireann sé gliondar ar ár gcroíthe a rá go bhfuil Bál na Gaeilge ar ais!
Beidh an oíche Ghaelach is mó sa bhliain ar siúil ar an 14ú Aibreán in Óstán Hampton, bóthar Morehampton, Domhnach Broc. Beidh bia, deochanna is ceol den scoth ann agus buailfimid isteach sa chathair ina dhiaidh. Ní féidir libh cailleadh amach ar an oíche iontach seo!
Beidh costas €50 ar na ticéid agus beidh siad á ndíol againn idir 12-3 gach lá an tseachtain seo sa Seomra Caidrimh B214 Áras Newman. Glacfar le hairgead tirim amháin. Coinnigh súil amach ar ár meáin i gcomhair aon sonraí sa bhreis. Táimid ag tnúth le sibh a fheiceáil ann