Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
nios-lu-na-15%-de-thuismitheoiri-o-thuaidh-a-bhfuil-gaeilge-liofa-acu-ag-togail-a-bpaisti-le-gaeilge-–-taighde

Níos lú ná 15% de thuismitheoirí ó thuaidh a bhfuil Gaeilge líofa acu ag tógáil a bpáistí le Gaeilge – taighde

Ní labhraíonn ach thart ar 15% de thuismitheoirí ó thuaidh a bhfuil Gaeilge líofa acu Gaeilge lena gclann go rialta, de réir taighde nua.

Tugtar le fios sa taighde gur idir 500-680 teaghlach i dTuaisceart Éireann atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

Léiríonn an taighde céanna, choimisiúnaigh Glór na nGael, nach bhfuil ach 7,000 teaghlach ar fud na hÉireann ina bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge.

Deir an lucht taighde gur cosúil go labhraíonn tuairim is 5% de thuismitheoirí líofa Gaeilge ó thuaidh lena gclann ‘ar feadh an ama’. 9% eile de thuimitheoirí líofa a dúirt go labhraíonn siad ‘go minic’ lena bpáistí i nGaeilge. Bunaithe ar sin, meastar gur 910 duine fásta ann a labhraíonn Gaeilge mar phríomhtheanga sa bhaile.

“Bheadh 500-680 teaghlach ó thuaidh a mbeadh Gaeilge mar phríomhtheanga nó comhtheanga bhaile. Ní mór, ar ndóigh, bheith cúramach faoin bhrí a bhaineann le ‘páistí a thógáil le Gaeilge’ i ndáiríre,” a deirtear sa tuarascáil.

Tá na figiúirí bunaithe ar Dhaonáireamh 2011 i dTuaisceart Éireann. De réir an daonáirimh sin, bhí 238,272 teaghlach ag tógáil páistí i dTuaisceart Éireann, rud a d’fhágfadh go bhfuil thart ar 0.2-0.3% de theaghlaigh ó thuaidh ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

Ní haon iontas é gur léirigh an taighde gur i mBéal Feirste is mó a bhí teaghlaigh a raibh labhairt na Gaeilge acu. Measadh go raibh thart ar 115 teaghlach ag tógáil a gcuid páistí sa chathair ach bhí dlús freisin i gceantair Láir Uladh (90), Dhóire (50), Ard Mhacha (60) agus an Iúir (75).

Ó dheas, tuairiscíodh go raibh 6,254 teaghlach sa stát a bhí ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, de réir Daoináirimh 2016. Bhí an figiúr sin bunaithe ar theaghlaigh ina bhfuil ar a laghad duine fásta amháin agus páiste amháin a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Is ionann an 6,254 teaghlach sin agus 0.4% den 1,702,289 teaghlach príobháideach a bhí ó dheas in 2016. Níl sé luaite sa tuarascáil, ach ní raibh páistí á dtógáil in thart ar leath de na teaghlaigh sin, rud a d’fhágfadh go raibh thart ar 0.7-0.8% de na teaghlaigh a bhí ag tógáil páistí ó dheas á dtógáil le Gaeilge.

Bhí beagnach 30% (1,796) de na teaghlaigh ó dheas a bhí á dtógáil a ngasúr le Gaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht agus os cionn 20% (1,455) eile á dtógáil i gcontaetha a bhfuil ceantar Gaeltachta iontu.

Dúradh go mbeadh breis eolais ag teastáil, áfach, chun tuiscint a fháil ar an gceangal idir nádúr an phobail a labhraíonn Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach atá cóngarach di.

“Is cinnte go mbeadh cuid acu páirteach i saol na Gaeltachta,” a deirtear. “Is cosúil gur de bhunadh na Gaeltachta cuid de na cainteoirí rialta Gaeilge atá ag tógáil a gclainne Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Theastódh taighde cáilíochtúil chun an gaol atá idir na teaghlaigh sin agus an Ghaeltacht agus ar thionchar an ghaoil sin ar a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a úsáid mar theanga teaghlaigh.”

Measadh go raibh líon na bpáistí atá sna teaghlaigh Ghaeilge íseal go leor i bhformhór na gceantar uirbeach. In ainneoin sin, deirtear go bhfuil dlús faoi leith faoi labhairt na aeilge i mBaile Átha Cliath agus sna bailte ina thimpeall, i gCorcaigh agus lasmuigh den Ghaeltacht sna contaetha ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Níos mó