Tá fiosrúchán maidir le hiarracht Tesco siopa aitheanta i nGaeltacht Chonamara agus roinnt siopaí eile a cheannach á fhiosrú ag an eagraíocht a dhéanann maoirseacht ar chúrsaí iomaíochta.
Tá an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CICT) i mbun fiosruithe maidir leis an socrú ata déanta ag an gcomhlacht ollmhargaíochta chun deich gcinn de shiopaí Joyce’s, Siopa an Phobail in Indreabhán ina measc, a cheannach.
Fógraíodh mí na Samhna seo caite go raibh Tesco Ireland chun na siopaí, atá lonnaithe ar fud na Gaillimhe, a cheannach ó úinéir Joyce’s, Pat Joyce.
Bhí an beart ag brath ar bheannacht a fháil ón CICT ach tá sé tugtha le fios ag an eagraíocht sin go bhfuiltear chun tabhairt faoi fhiosrúchán iomlán maidir leis an gceannach.
Thug an CICT faoi réamhfhiosrúchán cheana agus deir siad anois go bhfuil fiosrúchán iomlán ag teastáil mar go bhféadfadh an socrú idir Joyce’s agus Tesco “laghdú suntasach” a dhéanamh ar chúrsaí iomaíochta sa stát.
Tá deis ag daoine nó comhlachtaí aighneacht a dhéanamh leis an CICT roimh dheireadh na míosa maidir leis an margadh atá beartaithe idir Joyce’s agus Tesco.
Thart ar 500 duine atá fostaithe ag siopaí Joyce’s agus tá ráite ag Tesco go mbeadh fáilte roimh an bhfoireann sin má cheannaíonn siadsan na siopaí. Tá sé i gceist ag Tesco seirbhís siopadóireachta ón mbaile a chur ar fáil sna siopaí.
Is in Áth Cinn, Cnoc na Cathrach, Baile Átha an Rí, Tuaim, An Baile Bán, Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Dabhach Uisce, Órán Mór, Uachtar Ard agus Indreabhán atá siopaí Joyce’s lonnaithe.
Ba leis an gcomharchumann áitiúil i gCois Fharraige tráth ‘Siopa an Phobail’ nuair a cheannaigh siad ó Phádraic Mac an Rí, an fear a d’oscail an siopa, é.
Cheannaigh Seán Ó Foighil, an fear gnó, an siopa ina dhiaidh sin agus bhí roinnt úinéirí eile i gceist ó shin i leith.