Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
carachtairi-na-leithnise:-elaine-phiarais-mhic-eoin

Carachtairí na Leithnise: Elaine Phiarais Mhic Eoin

| Slaine Ni Chathallain | ,

Fáilte romhaibh ar ais go dtí mo shraithín, agus fáilte ar leith do pé cailín a thug “banríon” ar Chaitlín Bhiddy ar Twitter, tar éis di an chéad eagrán den sraithín a léamh! Is le Elaine Mhic Eoin a chuas chun cainte don bpíosa seo, bean seoigh, bean phobail agus bean a oibríonn go crua.

Saolaíodh Elaine, Elaine Phiarais, sa bhliain 1962 i dTrá Lí. Bhí ana-dhrochshneachta ann an bhliain úd, a dúirt sí, agus is cuimhin léi trácht ar a máthair a bheith breoite tar éis do Elaine teacht ar an saol agus go gcaith a huncail, Maurice Sé a máthair a thabhairt chun an ospidéil agus go raibh ana-jab ar fad acu Trá Lí a bhaint amach ag an ndrochaimsir.

Ba ós na Gorta Dubha an chéad lá í, ach tá sí ag maireachtaint i mBaile na nGall anois, trasna Chuan Ard na Caithne ó na Gorta Dubha. Ní chuaigh sí i bhfad ó bhaile nuair a phós sí. 

Cad í an chuimhne is sia siar id’ cheann?

“An dteastaíonn uait é a fháil amach? An lá a bhaineas an barra dem’ lúidín! Thit bar iarainn anuas air amuigh sa tseid.” Ceithre bliana a bhí Elaine nuair a thit san amach di. “Creid é nó ná creid, is é Proinsias Ó Conluain, a bhí ag obair do RTÉ ag an am agus a bhí ag fanacht sa tig againn, a thug isteach go Trá Lí chun an ospidéil mé. Is cuimhin liom go maith é. Austin Mini liath a bhí aige.” Ní chaith sí fanacht thar oíche in aon chor, a dúirt sí, mar ná raibh faic le déanamh ach greamanna a chur ann toisc go raibh an barra de imithe. Bíonn lascaine 10% ag Elaine ar an gcosmhaisiú, toisc ná fuil aici ach an naoi lúidín go leith!

Cén saghas duine tú?

“Duine outgoing. Is maith liom meascadh le daoine, craic a bheith agam, bheith timpeall ar mo chlann is mo chlann a bheith timpeall orm. Is maith liom i gcónaí eitilt a bheith curtha in áirithint agam chun dul in áit éigin”. Tá triúr iníon ag Elaine i Londain, agus cuid de chlann a clainne ann leis. Bíonn sí sall is anall de shíor ó Aerfort Chiarraí. 

Cén lá ab fhearr a bhí riamh agat?

“Is dócha nuair a saolaíodh an chéad duine clainne dom. Is é an lá is mó a sheasódh amach d’aon duine, is dóigh liom.” Nuair a d’fhiafraíos di canathaobh, dúirt sí gur “braistint é, ná beidh agat go deo arís. Gan dabht tá sé ana-thábhachtach leis na leanaí a bheidh agat ina dhiaidh san ach tá rud éigin ana-speisialta faoin gcéad uair. Ní bhíonn fhios agat cad atá i ndán duit go dtí go dtarlaíonn sé.”

Cén clár teilifíse nó clár raidió is fearr leat?

“Gan dabht caithfidh mé ‘aon rud atá ar Raidió na Gaeltachta’ a rá!” (Tá Elaine ag obair mar Rúnaí i stiúideo Bhaile na nGall) The Chase ceann des na rudaí is deise léi leis, go háirithe “The Cinema-n”, mar a thug sí air! ‘The Sinnerman’ atá i gceist agat”, a dúrtsa léi! Phléascamar amach ag gáirí!

Cén chomhairle a bheadh agat chun an saol is fearr a chaitheamh?

“Oibrigh go crua agus imir go crua. Oibrigh go crua, agus nuair atán tú saor ansan, bain sásamh as do chuid ama shaoir”.

Cén nath cainte/amhrán is fearr a thaitníonn leat?

“Is olc an ghaoth ná séideann go maith do dhuine éigin.”

An t-amhrán is fear léi ná Fiddler’s Green agus í go maith ábalta an t-amhrán a rá leis.

Ta cónaí ar Elaine lena fear céile i mBaile nan Gall agus tá cúigear muirear orthu. Nó mar a dúirt sí féin, “fé mar a dúirt fear ó Pharóiste na Cille fadó, ‘cúigear iníon, mac is diabhal!’”

Tá seachtar garchlann aici agus beirt ar an tslí. 

Níos mó