![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F04%2Fdcu.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=22e0d49b)
Logainmneacha i gcríocha dátheangacha
Logainmneacha i gcríocha dátheangacha
@ Champas na Naomh Uile, DCU
Lecture / Talk LaunchTá ceardlann dar teideal 'Logainmneacha i gcríocha dátheangacha' á reáchtáil ag Gaois ar an 12-13 Bealtaine ar Champas na Naomh Uile, DCU. Beifear ag díriú ar dhá ghné den téama, gné an taighde agus gné an riaracháin, agus ní bheidh an plé teoranta do logainmneacha na hÉireann.
Beidh an cheardlann á reáchtáil trí Ghaeilge ar an 12ú agus trí Bhéarla ar an 13ú. Tá an clár ar fáil anseo (d’fhéadfadh mionathruithe teacht air). Seolfar leagan athfhorbartha de shuíomh logainm.ie le linn na ceardlainne.
Is féidir clárú don cheardlann ar Eventbrite go dtí an 6 Bealtaine.