Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
duais-an-aistritheora-oig-dulta-thar-shionainn-siar-aris

Duais an Aistritheora Óig dulta thar Shionainn siar arís

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Ba í Cainnear Nic Réamoinn as Coláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal a thug léi an chraobh i gcomórtas Aistritheoirí Óga 2022 – an ceathrú Gaillmheach i ndiaidh a chéile atá tar éis an gradam a thabhairt léi le ceithre bliana anuas. 

Ba iad Domhnall Ó Braonáin (Indreabhán), Bláthnaid Ní Fhátharta (Ros Muc), agus Maitilde Warsop (Indreabhán) a bhuaigh an comórtas in 2019, 2020, agus 2021. 

Bhuaigh Cainnear an duais don aistriúchán ab fhearr ar fad sa tír agus an gradam speisialta don aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla dá haistriúchán ar théacs ón bhFraincis go Gaeilge. 

Ba ó Bhéarla go Gaeilge a rinne na haistritheoirí óga eile a bhuaigh na rannóga cúige a gcuid aistriúchán. Ba iad sin Tomás Ó hUiginn as Coláiste Pobail Ros Comáin i gcúige Chonnacht; Seán Holt as Gaelcholáiste Cheatharlach i gcúige Laighean; Liam Ó hÓgáin as Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gCiarraí; agus Niamh Ní Mhuirí as Scoil Iósaef i gcúige Uladh. 

Dúirt an tAire Stáit do ghnóthaí Gaeltachta Jack Chambers ag an searmanas bronnta inniu go bhfuil sé “thar a bheith tábhachtach go mbeidh scileanna aistriúcháin den scoth ag daoine ata ag iarraidh na poist san AE a líonadh sna blianta amach romhainn”. 

“Tá scileanna iontacha léirithe ag na buaiteoirí agus ba mhaith liom comhghairmeacha ó chroí a ghabháil leis na buaiteoirí agus leis na hiarratasóirí a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana,” a dúirt sé. 

Tá an comórtas á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach le cúig bliana anuas agus é mar sprioc ag lucht a eagraithe “ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn”, “an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile”, agus “suim na ndaltaí céanna a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha”.

“Ba cheart do na daltaí a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu. Ardaíonn sé mo chroí an t-ardchaighdeán agus an cruinneas a léirigh na buaiteoirí ina n-aistriúcháin. Is díol sásaimh an raon teangacha a d’úsáid na daltaí i gcomórtas na bliana seo agus tá súil againn cur leis an raon sin sna blianta amach romhainn. Tá súil agam gur spreag an obair seo na hiarrthóirí le smaoineamh faoi ghairm an aistriúcháin amach anseo,” a dúirt sé. 

Ghlac daltaí ó 22 scoil páirt i gcomórtas na nAistritheoirí Óga 2022 agus aistríodh téacsanna ón mBéarla, Fraincis, Gearmáinis, agus Spáinnis go Gaeilge lena aghaidh. 

Tá an comórtas mar chuid d’iarracht fhorleathan feasacht a ardú maidir leis an tábhacht agus an tairbhe a bhaineann le stádas iomlán na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Ó bhí an 1 Eanáir 2022 ann, ní mór an reachtaíocht go léir a achtaítear san Aontas a aistriú go Gaeilge (mar a dhéantar cheana i gcás na 23 theanga oifigiúla eile).  Chuige sin, beidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh a chinntiú go mbeidh foireann cháilithe leordhóthanach acu chun na hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

Níos mó