Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Uilig athraithe?

| Dáithí Anraí |

Ciarán Ó Pronntaigh

D’aithneofaí óna ngnúis é. Michelle O’Neill agus aoibh shona uirthi, Jeffrey Donaldson agus an chuma air gur shuigh sé ar neantóg ar maidin. Tá rud éigin bainte amach ag Sinn Féin cheana féin, sula gcaithfear aon vóta, síleann daoine gurb iadsan a chloífidh an DUP.

Tá buntáistí ag baint leis an stádas sin, ar ndóigh, nó bíonn éifeacht chearnach leis. Más maith le náisiúnaithe dúshlán a thabhairt don DUP, beidh Sinn Féin ag insint do dhaoine ar thairseach na ndoirse gurb iadsan atá in inmhe an jab a dhéanamh. Ach oibríonn sé an bealach eile chomh maith agus thug pobalbhreith a tháinig amach ag an deireadh seachtaine le fios go raibh an bhearna idir an dá mhórpháirtí ag laghdú.

Cibé toradh a bheas ann maidin Dé hAoine, freagrófar cúpla ceist shuimiúil. An raibh sé de chiall ag Sinn Féin béim a chur ar an chostas maireachtála agus gan an cheist náisiúnta a bhrú? Tuigeann gach duine gurb é sin an gad is giorra ag an pháirtí sa mheántréimhse ach níl duine ar bith ag iarraidh reifrinn amárach. Seasamh réasúnta, thiocfadh leat a rá. An meallfaidh an seasamh sin níos mó aistrithe chuig an pháirtí ó dhaoine nach bhfuil chomh buartha faoi cheist an bhunreachta?

Is íorónta amach gurb é an DUP atá ag déanamh tús áite de cheisteanna bunreachtúla tríd an bhéim ar an Phrótacal agus ag an am céanna ag cur i leith Shinn Féin gurb é sin an t-aon téad atá acu. Gheobhaimid amach cé chomh buartha is atá an pobal Aontachtach faoin Phrótacal i ndáiríre. Bhí sraith de léirsithe ar fud na háite le Jim Allister, Jamie Bryson agus cibé duine ón DUP a bhí ar fáil, Jeffrey Donaldson, go minic ach an raibh an feachtas seo éifeachtach?

Is léir go bhfuil leibhéal éigin feirge sa phobal Aontachtach faoin cheist ach níl an chuma ar an fheachtas seo go bhfuil sé ar dhóigh ar bith inchurtha leis na feachtais a chuaigh roimhe, fiú an feachtas faoi bhratacha, feachtas nár éirigh leis sa deireadh. Cad é an chéad chéim eile a bheas acu má léirítear gur tábhachtaí costas an gháis ná an t-aer te atá á aschur faoin Phrótacal?

Tá ráite ag Rialtas na Breataine, arís, go ndéanfaidh siad beart faoin cheist i ndiaidh an toghcháin. Má bhíonn tromlach ann a deir go bhfuil siad sásta leis an Phrótacal, ach é a bhisiú, cad é an t-údarás a bheas acu dul siar ar thoil an phobail?

Ach tá ceist níos práinní ag teacht chun cinn – cad é atá i ndán do Chomhaontú Aoine an Chéasta amach anseo? Fiú má bhaineann an DUP tús áite amach le haistrithe ó na páirtithe Aontachtacha eile, deir siad nach rachaidh siad ar ais san Fheidhmeannas gan deireadh a bheith curtha leis an Phrótacal. Buille mór a bheadh ann do stádas an stáit mar dhaingean do na hAontachtaithe más ag Sinn Féin a bheas an líon is mó suíochán. An rachaidh an DUP ar ais isteach san Fheidhmeannas sa chás sin? Diúltaíonn siad an cheist a fhreagairt faoi láthair ach is cluiche contúirteach atá á imirt acu nó beidh orthu cuid mhaith dá gcuid cainte a shlogadh má bhíonn siad sa dara háit. Sin nó iad féin a imeallú ar fad.

Don duine taobh amuigh, níl sé soiléir go bhfuil plean ag an DUP. Ón Bhreatimeacht ar aghaidh, is cosúil go raibh siad ag léim ó ghéarchéim amháin go dtí an chéad cheann eile, cúrsaí custam, an dúshlán ón TUV, ceist na ceannaireachta agus go leor eile. Má bhí plean straitéiseach taobh thiar dar thit amach ó shin, ní fhaca mise ná mórán eile é. Tá siad ag iarraidh freagra a thabhairt do na hathruithe atá ag tarlú sa tsochaí ach diúltaíonn siad cuid den fhírinne a aithint.

Agus sin an teachtaireacht is mó a fheicim an tseachtain seo – tá rudaí ag athrú agus is gá ullmhúcháin a dhéanamh don athrú sin. Agus i gcónaí gcónaí, ní mór dúinn ár n-aird a dhíriú ar an leagan amach bunreachtúil.

Níos mó