Feis Thoraí & Féile Jimmí Mhairí Bhillí
Feis Thoraí & Féile Jimmí Mhairí Bhillí
@ An Club
FestivalTá Feis Thoraí & Féile Jimmí Mhairí Bhillí ann chun tradisiún amhranaíochta ar an tsean-nós i dToraigh a chaomhnú agus a bhuanú.
Cuireadh tús le Feis Thoraí i 2001 chun tradisiún amhranaíochta ar an tsean-nós i dToraigh a chaomhnú agus a bhuanú. Ar dtús bhi an Fheis dírithe go huile is go hiomlán ar aos óg an Oileáin ach bhí ag éirí chomh maith sin léi agus bhí daoine fásta ag cur an oiread spéise inti gur osclaíodh do dhaoine fásta í i.
Ón chéad lá ar aghaidh, bhí tionchar nach beag ag an Fheis ar an amhránaíocht istigh i dToraigh. Cé go raibh an traidisiún i gcónaí láidir, ní féidir a shéanadh go raibh sé ag teacht faoi bhrú agus i mbaol lagaithe. Ach le teacht na Feise, tháinig athrú iomlán ar an scéal. Cuireann bunadh Thoraí – idir shean agus óg – spéis iontach sna hamhráin agus tá lá na Feise ar na laethanta is tábhachtaí i saol bliaintiúil an Oileáin.
Mar gheall ar go raibh ag éirí chomh sin leis an Fheis, cinneadh gur cheart í a mhéadú agus rinneadh é sin i 2014 le bunú Fhéile Jimmí Mhairí Bhillí a bhfuil an Fheis mar phríomh-imeacht inti.
Tuilleadh eolais ar Facebook ag https://www.facebook.com/feisthorai/