Den chéad uair riamh, beidh Éigse na Bruiséile, féile lán-Ghaeilge, ar siúl sa mBruiséil an deireadh seachtaine beag seo.
Deir lucht eagraithe na féile gur féile phobail í Éigse na Bruiséile a cuireadh ar bun chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus “ceiliúradh a dhéanamh ar shaol na Gaeilge i bpríomhchathair ilteangach na Beilge”.
“Is mian linn cur le cultúr na teanga cois Zenne agus léargas a thabhairt do mhuintir na hEorpa ar bheocht phobal na Gaeilge anseo agus in Éirinn,” ar siad.
Seo an chéad bhliain ag an Éigse agus tá sí á reáchtáil gan aon mhaoiniú a fháil.
Cuirfear tús leis an bhféile ar an Aoine le léacht oscailte na hÉigse in Ambasáid na hÉireann, léacht a thabharfaidh an tOllamh Emeritus Mícheál Mac Craith. Is é Tomaí Ó Conghaile, duine de lucht eagraithe na féile, a bheidh mar Fhear an Tí ar an oíche.
Leanfaidh seisiún na hAoine an léacht sin le ceol agus amhráin ó Claire Nic Ruairí, Ciarán Ó Ceallaigh agus Seán Ó Gallchobhair.
Tosóidh imeachtaí an tSathairn ag a 11 ar maidin le cuairt ar an mbailiúchán lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú Céad, i Leabharlann Ríoga na Beilge.
Tráthnóna Dé Sathairn reáchtálfar ócáid liteartha le Liam Mac Cóil agus Diarmuid Johnson, agus iad ag plé Fontenoy, ón gcath féin go dtí úrscéal Liam faoin teideal céanna.
Léireofar radharc ó dhráma nuascríofa le Rua Breathnach ina dhiaidh sin, i ndilchuimhne ar Éabha Rosenstock a bhásaigh le déanaí.
Beidh ceolchoirm ar siúl oíche Dé Sathairn leis na ceoltóirí agus amhránaithe Doimnic Mac Giolla Bhríde, Frances Morton, Raphael De Cock agus Liam Ó Ceallaigh.
Beidh seoladh leabhair na hÉigse ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh. An leabhar nua ón Dr Pádraig Ó Laighin, Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht a sheolfar ag an ócáid. Cuirfear críoch leis an Éigse níos deireanaí sa lá le seisiún ceoil le ceoltóirí áitiúla na Bruiséile.
Costas €30 atá ar thicéid na hÉigse agus tabharfaidh an ticéad sin cead isteach duit chuig imeachtaí uile na hÉigse.
Tá gach eolas faoin Éigse ar fáil ar www.eigse.be.