Tá moltaí déanta faoi conas stádas mar theanga oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge in Éirinn ag duine de na daoine ba lárnaí sa bhfeachtas ar éirigh leis an stádas sin a fháil don teanga san Aontas Eorpach.
Ina leabhar nua Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht, deir an Dr Pádraig Breandán Ó Laighin, gur geall le comhcheilg chiúin stáit é imeallú na Gaeilge sa saol poiblí agus gurb ionann an córas pleanála teanga agus an stát a rá le muintir na Gaeltachta “iad féin a shábháil”.
“D’ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil, d’éirigh leis an Stát, ag feidhmiú ar bhonn coup ciúin a tionscnaíodh sa bhliain 1965, úsáid na Gaeilge a eisiamh as beagnach gach réimse dá fhearas riaracháin,” a scríobhann Ó Laighin.
“Taobh le taobh le polasaí folaithe arbh ionann is toirmeasc ar úsáid na Gaeilge é, chuir na Stát an teanga ar aghaidh go follasach mar theanga oidhreachta a mbeadh grá ann di, agus meas uirthi, agus go bhfoghlaimeofaí í dá réir agus rinne sé bearta chun an Ghaeltacht a láidriú.”
Mar thoradh ar “an dearcadh contrártha sin”, deir Ó Laighin, gur cruthaíodh “maorlathas” Béarla “ina gceaptar “gur ualach nó crá croí féin” é go gcaitear leaganacha Gaeilge a chur ar fáil de cháipéisí Béarla.
“Arís is arís eile, baintear an bonn ó bheartais fhollasacha a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge agus a pobail mar aidhm acu le clár oibre folaigh a éilíonn eisiamh na teanga,” a deir Pádraig Ó Laighin, an socheolaí agus gníomhaí teanga aitheanta.
Sampla eile den chlár folaithe seo, a deir sé, ná na tslí ar sheachain an stát a dhualgas achtanna Oireachtais a fhoilsiú go comhuaineach trí na rialacha chun go mbeadh cead achtanna a fhoilsiú i mBéarla amháin ar líne.
Luann sé mar shampla eile de chur chuige lochtach na stáit an córas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Deir Ó Laighin gur fhéach an Rialtas ar na bpleanáil teanga mar dheis eile éalú óna ndualgas i leith na teanga agus “an dualgas a aistriú chuig pobail agus gníomhaithe díograiseacha aonair” a bheadh ag obair ar bhonn deonach.
“Is dealraitheach go bhfuil an Stát, a leag síos na spriocanna, agus a shocraigh gurbh é féin a mheasfadh fiúntas na dtorthaí, ag tabhairt dúshlán na bpobal áitiúil chun iad féin a shábháil ó thaobh teanga de, agus é sin a dhéanamh go pointe áirithe, in vacuo.
“Idir an dá linn, leanfadh na Stát lena bheartas folaithe a fhéachann le Gaeilge a choinneáil amach, a mhéid is gur féidir é, as an réimse poiblí.”
Maidir le seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil ón Stát, deir Ó Laighin go ndéantar “neamhaird iomlán ar riail an dlí”.
15 foráil reachtaíochta atá molta ag an údar chun deireadh a chur le “clár folaithe” na Stáit i leith na Gaeilge.
Ba chóir, a deir sé, rannóg lán-Ghaeilge a bhunú sa státseirbhís a bheadh freagrach as earcú Gaeilgeoirí, poist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo a shainaithint agus “fíorsholáthar” seirbhísí trí Ghaeilge don phobal. Bheadh rannóg fheidhmiúil lán-Ghaeilge ag gach Roinn Stáit.
Ag trácht ar chúrsaí earcaíochta, deir Ó Laighin nach bhfuil “mórán fiúntais ag baint le béim a leagan ar spriocanna ar leith a bhaint amach, d’uireasa athruithe suntasacha struchtúrtha agus riaracháin”.
De réir na moltaí sa leabhar nua, a seoladh ar an Tulaigh i nGaeltacht Chonamara aréir, dhéanfaí anailís ar gach píosa reachtaíochta a ritear in Éirinn agus san AE féachaint cén tionchar a bheadh aici ar chearta teanga.
Moladh eile ná go mbeadh an ceart ag duine de réir an dlí an Ghaeilge a úsáid i “gcomhthéacsanna áirithe poiblí agus oibre”.
Bheadh ceangal dlí ar cheannasaithe ranna stáit agus comhlachtaí poiblí a bheith freagrach as an reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm. Thabharfaí cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga agus chinnteofaí sa dlí go mbeadh breithiúna líofa a bheadh sa Ghaeilge ar fáil.
An aidhm a bheadh leis na moltaí ná nach mbeadh “aon éiginnteacht ná deis seachantachta” ann i leith cearta teanga agus go ndéanfaí “institiúidiú agus normalú na Gaeilge a thabhairt i réim”.