An taisteal sa Fhrainc: cuid de na háiteanna is stairiúla sa tír!
Aoife Ní Chrualaoich
Seo liosta beag de chúpla áit sa Fhrainc gur fiú go mór cuairt a thabhairt air!
St. Malo
Is é St. Malo ceann de na bailte is áille i mBrioitáine lán le stair. Is cuma go gtéann tú ann i rith an tsamhraidh nó i rith an gheimhridh, is baile gleoite é. Bhunaigh Naomh Aaron agus Naomh Breandán an baile manach seo chomh fada siar leis an séú haois. Tá sé suite ar chósta na Briotáine agus is féidir na hoileáin Guernsey agus Jersey a fheiscint ón trá. Téigh turas lae más féidir! Tá cultúr na háite agus stair na mBriotáine le bhrath go mór i St. Malo. Is léir go mbíonn an-tóir ag turasóirí ar an áit seo. Gan aon cheist ná dabht, níl aon rud níos fearr ná aer na farraige.
Mont St. Michel
Deirtear gurb é Mont St. Michel ceann de na radhairc is dodhearmadta sa Fhrainc.
Tá sé suite i gcuan draíochtúil idir An Bhriotáin agus an Normainn. Ó 966 i leith, thacaigh diúic na Normainne agus ríthe na Fraince le mórmhainistir a fhorbairt ar bharr Mont St. Michel. Cuireadh foirgnimh mainistreacha galánta eile leis i rith na meánaoise. Tá clú agus cáil ar foirgnimh seo mar chuid mhór de stair na háite. Faightear siopaí agus bialanna blasta eile timpeall na mainistreacha sa lá atá inniu ann. Ní hamháin sin ach tá radharc iontach ón mullach. D’fhéadfá rud éigin mar seo a fháil sna scannáin Harry Potter. Mar a fheiceann tú, tá an draíocht chéanna ag baint leis an áit seo i gcónaí.
Versailles
Ní gá a rá gur fiú go mór é féach thart ar Pháras. Is cinnte go dtagann tocht ar thurasóirí i bPáras leis an méid daoine atá ag siúl timpeall na sainchomharthaí agus leis an meitreo gnóthach. Áfach, ní féidir cupán caife i Montmartre a bhualadh. Chomh maith leis sin, má tá tú ag taisteal go Páras, téigh go Versailles.Ní thógann sé ach fiche nóiméad chun dul ann ó lár na cathrach. D’fhéadfá an lá a chaitheamh ann leis na gairdíní agus an caisleán, tá go leor le feiceáil agus turais le déanamh. Déantar cur síos ar Versailles mar ionad na healaíne, na heolaíochta agus na cumhachta le linn an 17ú agus 18ú haois. Thar na blianta, bhí ríthe na Fraince, Louis XIII agus a mhac Louis XIV, ina gcónaí ann. Bhí feánna galánta acu go minic sa chaisleán le daoine tábhachtacha eile! Áfach anois, is áit cosanta le UNESCO í agus tagann na sluaite chuig Versailles chun cultúr na háite a thógann isteach.
Strasbourg
Tá an-éagsúlacht ag baint leis an cathair mhór seo. Tá clú agus cáil air mar bhaile de Pharliamint na hEorpa. Ní hamháin sin ach tá sé iomráiteach as a ailtireacht agus an meascán de chultúr na Fraince agus chultúr na Gearmáine. Gan amhras, feictear tionchar na Gearmáinise sa cathair Francach seo, tá sé suite ar an teorainn agus is minic a choistear daoine ag labhairt Fraincise agus Gearmáinise. Bíonn an-tóir ag turasóirí ar an ardeaglais ‘Notre Dame de Strasbourg’ agus an sean bhaile ‘La Petite France’. Faightear go leor siopaí agus caife gleoite timpeall na cathrach agus buailtear daoine an-fhailteacha chomh maith! Sin an rud is tábhachtaí!
Is aoibhinn liom áiteanna éagsúla a aimsiú go háirithe sa Fhrainc mar tá gach aon réigiún an-dhifriúl óna chéile! Mura raibh tú riamh sna háiteanna seo, ba chóir duit iad a chur ar do liosta féin!