Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-choimhlint-san-ucrain-nios-deine-na-mar-a-bhi-aon-uair-o-thus-an-ionraidh

An choimhlint san Úcráin níos déine ná mar a bhí aon uair ó thús an ionraidh

Tuairiscítear go bhfuil muintir na hÚcráine in oirthear Donbas ag adhlacadh a gcuid marbh in olluaigheanna de bharr ionsaithe comhbheartaithe na Rúise. 

Tá ionsaithe fíochmhara déanta ag fórsaí na Rúise ar bhreis is 40 baile mór in oirthear réigiún Donetsk agus Luhansk, a deir údaráis na hÚcráine.

Rinneadh bombardú dian ar Severodonetsk agus Lysychansk i Donbas agus tá tuairiscí ann go bhfuil an cogadh níos déine ná mar a bhí ó thús an ionraidh.

Dúirt Príomh-Ionchúisitheoir na hÚcráine go raibh breis is 150 leanbh maraithe i réigiún Donetsk ó chuir an Rúis tús leis an ionradh an 24 Feabhra.

Tuairiscítear go bhfuil thart ar 8,000 príosúnach cogaidh ar a gcoinneáil ag an Rúis i gcúigí Luhansk agus Donetsk. 

De réir na dtuairiscí tá dul chun cinn á dhéanamh ag na Rúis i gceantar Donbas agus an lámh in uachtar á fháil acu sa choimhlint in oirthear na tíre.

Dúirt Serhiy Haidai, gobharnóir réigiún Luhansk, nach raibh fágtha faoi cheannas na hÚcráine anois ach 5% den réigiún sin.  Bhí thart ar 10% acu cosamar seachtaine ó shin.

Dúirt an gobharnóir go raibh na póilíní in Lysychansk ag adhlacadh coirp na sibhialtach in éineacht in uaigheanna móra agus gur adhlacadh thart ar 150 duine in uaigh dá leithéid i gceantar amháin.  

Tuairiscítear go bhfuil Lyman, mar a bhfuil acomhal tábhachtach iarnróid, faoi smacht fhórsaí na Rúise den chuid is mó. Tá na fórsaí sin ag déanamh ar Sievierodonetsk, Bakhmut agus Avdiivka chomh maith.

Is mian leis an Rúis smacht iomlán a fháil ar Donbas mar gur theip ar a fórsaí príomhchathair na hÚcráine, Cív, agus an dara cathair is mó, Kharkiv, a ghabháil. 

Dhá chúige in oirthear na tíre atá i réigiún Donbas agus é á éileamh ag an Rúis ar son na scarúnaithe.  

Tá na mílte saighdiúir curtha chun an réigiúin sin ag Moscó agus ionsaí á dhéanamh acu ar thrí thaobh in iarracht fórsaí na hÚcráine in Sievierodonetsk agus Lysychansk a sháinniú.

Dá n-éireodh leis an Rúis ceannas a fháil ar an dá chathair sin bheadh cúige Luhansk ar fad faoina smacht, ceann de na spriocanna is mó atá acu. 

Ní mó ná sásta atá Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, le tíortha an iarthair atá, dar leis, ag braiteoireacht le soláthar arm trom don tír le cuidiú léi in aghaidh ionsaí na Rúise. 

Dúirt Zelensky freisin go raibh go leor ag maíomh nach bhféadfaí síocháin a dhéanamh sa tír gan cuid de chríocha na tíre a fhágáil ag an Rúis.

Luaigh sé go speisialta nuachtán an The New York Times agus an t-iarpholaiteoir conspóideach as na Stáit Aontaithe, Henry Kissinger.

“Is cosúil nach é féilire 2022 atá ag an Uasal Kissinger ach ceann 1938,” a dúirt Zelensky. 

Tagairt é sin do Chomhaontú München a bhronn píosa den tSeicslóvaic ar an nGearmáin faoi cheannas na Naitsithe. 

Chuir an tUachtarán Zelensky i leith Kissinger agus daoine eile go raibh neamhaird á déanamh acu ar choireanna cogaidh na Rúise san Úcráin.

Níos mó