Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
imni-go-bhfuil-an-comhaontu-san-eoraip-ar-chas-na-hucraine-i-mbaol

Imní go bhfuil an comhaontú san Eoraip ar chás na hÚcráine i mbaol

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé ina imní go bhfuil an comhaontú san Eoraip ar chás na hÚcráine i mbaol de bharr go bhfuil an t-ardú ar an gcostas maireachtála ag déanamh níos mó imní don phobal ná páirc an áir san oirthear.

Léiríonn taighde a rinne Comhairle Caidreamh Coigríche na hEorpa i ndeich gcinn de thíortha go mothaíonn muintir na hEorpa an-dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus go dtacaíonn siad leis na smachtbhannaí ach nach bhfuil siad ar fad ar aon intinn faoi na spriocanna fadtéarmacha.

‘Síocháin’ an sprioc a theastaíonn ó 35% de na daoine sin agus is mian leo go gcuirfí deireadh leis an gcogadh chomh luath agus is féidir agus ‘an chóir’ atá 25% díobh a iarraidh agus creideann siadsan go gcaithfear pionós a chur ar an Rúis de bharr an chogaidh.

Níl aon easaontas mór ann is léir faoin ndream ar cheart tacú leo sa chogadh. 73% a dúirt gur ar an Rúis a bhí an locht as an gcogadh agus 64% a dúirt gurb í an Rúis an dris chosáin is mó roimh an síocháin, seachas an Úcráin, An tAE nó Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is mó den phobal atá ag lorg na ‘síochána’ i ngach tír ach amháin sa bPolainn. Níl tacaíocht láidir ag aon rialtas le tuilleadh airgid a chaitheamh ar an arm ach sna ceithre thír ar theorainn na Rúise – an Pholainn, an Ghearmáin, an tSualainn agus an Fhionlainn.

Seo a bhí le rá ag údair na tuarascála faoin malairt tuairimí sin:

“Léiríonn an suirbhé seo go bhféadfadh easaontas a bheith ann faoi theifigh, faoi bhallraíocht na hÚcráine san AE, faoin tionchar ar an gcaighdeán maireachtála agus faoin mbagairt ó ionsaí núicléach.

“Is geall le siosma idir an dá champa iad na ceithre cheist sin – campa na síochána agus campa na córa.”

D’iarr Volodymyr Zelenskiy, Uachtarán na hÚcráine, ar an Aontas Eorpach géarú ar na smachtbhannaí ar an Rúis agus rabhadh á thabhairt aige go bhféadfadh an Rúis tíortha eile a ionsaí díreach mar a rinne sí ar an Úcráin.

Agus é ag caint le parlaimint Phoblacht na Seice, d’iarr Zelenskiy arís eile go dtabharfadh an tAontas Eorpach an stádas mar thír atá ina hiarrthóir ar bhallraíocht san AE don Úcráin ionas go bhféadfaí tús a chur leis an obair a bheidh le déanamh aici ar an ród sin.

Dúirt comhairleoir de chuid an Uachtaráin, Mykhaylo Podolyak go raibh a dheich n-oiread airtléire ag arm na Rúise in go leor áiteanna ar an líne thosaigh seachas mar atá ag trúpaí na hÚcráine.

Dúirt Jens Stoltenberg, ceannasaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh {NATO) gurb é an cogadh is cúis leis an ardú ar phraghas bia ar fud na cruinne agus nach iad na smachtbhannaí mar a mhaíonn Moscó.

Dúirt Stoltenberg go leanfadh an chomhghuaillíocht sin orthu ag cur arm trom ar fáil don Úcráin agus go bhfuil rún acu pacáiste nua cúnaimh a cheadú ag cruinniú mullaigh NATO atá ar siúl i gCív inniu.

Tá pleananna ullmhaithe chun deis éalaithe a thabhairt inniu do 500 sibhialtach, a chreidtear a bheith sáinnithe i dteannta saighdiúirí sa mhonarcha ceimiceán Azot i gcathair Sievierodonetsk, agus súil ann go gcuirfear bealach daonnúil sábháilte ar fáil dóibh.

Tá fórsaí na Rúise i gceannas ar an gcuid is mó den chathair sin faoin tráth seo, más fíor do na tuairiscí is deireanaí ó Roinn Cosanta na Breataine.

Níos mó