Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ní-léifidh-déagóirí-gaeilge-ar-bhonn-idé-eolaíoch,-agus-níor-cheart-dóibh’

‘Ní léifidh déagóirí Gaeilge ar bhonn idé-eolaíoch, agus níor cheart dóibh’

| Tuairisc.ie | ,

Leabhair d’aosaigh óga an seánra is mó a bhfuil gá lena fhorbairt i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, a dúradh i dTeach Laighean.

Bhí ceist na seánraí ar gá iad a fhorbairt i measc na n-ábhar a pléadh nuair a leanadh tráthnóna inné den scagadh atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar staid na foilsitheoireachta sa lá inniu.

Ceathrar scríbhneoirí a labhair ag an gcruinniú, Anna Heussaff, Tadhg Mac Dhonnagáin, Cathal Portéir agus Éilís Ní Dhuibhne.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, údar agus foilsitheoir, go bhfoilsítear “corrleabhar” Gaeilge do dhéagóirí ach gur “gá an soláthar a leathnú go mór”.

Dúirt Mac Dhonnagáin go raibh “obair mhór” le déanamh maidir le forbairt seánra na n-aosach óg agus gur cheart “ciste ar leith” a chur ar fáil “le díriú go córasach” ar an obair

sin.

“Tá an-tábhacht le scríbhneoirí dár gcuid féin a oiliúint i seánra sainiúil an YA – young adult. Ní léifidh déagóirí Gaeilge ar bhonn idé-eolaíoch, agus níor cheart dóibh. Tá Béarla acu ar fad.

“Cuirfidh siad an leabhar Gaeilge i gcomparáid leis na saothair Bhéarla is ansa leo. Mar sin, beidh ar an scríbhneoireacht a bheith ar ardchaighdeán cumadóireachta agus eagarthóireachta le dul i bhfeidhm ar dhéagóirí na hÉireann. Tá obair mhór le déanamh agus creidim gur cheart ciste ar leith a chur ar fáil le díriú go córasach ar an obair.”

Bheadh tacaíocht na scoileanna ag teastáil chomh maith, rud a bheidh “dúshlánach” mar gheall ar an mbrú a bhíonn ar mhúinteoirí díriú ar scrúduithe.

“Ach tá géarghá leis an droichead seo a thógáil idir na léitheoirí óga agus na léitheoirí fásta,” a dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin.

Dúirt Mac Dhonnagáin go bhfuil gá le dhá réimse nua leabhar sa Ghaeilge – leabhair atá dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar chainteoirí ar cuireadh gaeloideachas orthu agus saothair “high-low”. Leabhair iad sin, a dúirt sé, a bhfuil “leibhéal sofaisticiúil ó thaobh na síceolaíochta de ar fáil iontu, ach leibhéal na teanga a bheith dírithe ar dhaoine atá ag plé le Gaeilge i scoileanna a mhúineann trí Bhéarla”.

Dúirt an t-údar Anna Heussaff gurb iad na seánraí is láidre sa Ghaeilge, ó thaobh líon na leabhar a fhoilsítear seachas ó thaobh díolacháin, ná an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an stair áitiúil, an chritic liteartha agus pictiúrleabhair do pháistí.

“Tá an soláthar do pháistí níos sine, do dhéagóirí agus don ‘aosach óg’ ag feabhsú ach fós sách gann,” a dúirt Anna Heussaff.

Dúirt sí go raibh an soláthar úrscéalta do léitheoirí fásta “tearc” freisin, go háirithe i réimsí móréilimh na n-úrscéalta grá, teaghlaigh agus sóisialta agus na n-úrscéalta bleachtaireachta agus fantaisíochta.

Bhí easpa ann chomh maith i dtaca le leabhar cuimhní cinn ó laochra spóirt agus leabhair faoi bhia agus stíl mhaireachtála. Bhí an drámaíocht “lag”, a dúirt sí, toisc “easpa deiseanna” ó amharclanna agus ó na meáin chraolta.

Dúirt an craoltóir agus údar Cathal Portéir nár léir dó go mbíonn nós na léitheoireachta i nGaeilge á chothú i scoileanna, nó i gcoláistí tríú leibhéal.

“Níl saibhreas na litríochta reatha nó stairiúil á mhúineadh go héifeachtach faoi na siollabais atá i bhfeidhm faoi láthair.

“Mura gcuirtear an laige sin i gceart, is ar éigean go mbeidh a fhios ag aos óg na tíre, nó a gcuid múinteoirí, gur ann don traidisiún iontach litríochta sa Ghaeilge nó gur ann do scríbhneoireacht chomhaimseartha ar ardchaighdeán.

“Gan léitheoirí a chothú sa chóras oideachais, beidh sé doiligh ar fhoilsitheoirí theacht ar mhargadh do leabhair, fiú má tá scríbhneoirí́ agus leabhair den scoth acu.”

Dúirt na scríbhneoirí go léir go raibh géarghá le maoiniú breise chun forbairt a dhéanamh ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Bhí tacaíocht bhreise ag teastáil chomh maith ó taobh cúrsaí margaíochta, cúrsaí oiliúna agus cúrsaí eagarthóireachta liteartha, a dúradh.

Tá cás na foilsitheoireachta Gaeilge á phlé ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ag sraith cruinnithe atá á reáchtáil acu le cúpla mí anuas.

Dúradh ag cruinniú an mhí seo caite go raibh an baol ann go ndúnfar tuilleadh d’fhoilsitheoirí na Gaeilge mar gheall ar chiorruithe agus toisc gurb é “an t-aon phlean amháin” atá ag Foras na Gaeilge ná baint de dhream amháin le tabhairt do dhream eile.

Ag cruinniú eile de Choiste Gaeilge an Oireachtais rinneadh achainí ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí inniu tacaíocht agus aitheantas breise a lorg ón stát agus ó na meáin Bhéarla do leabhair agus irisí Gaeilge.

Pléadh go minic ag na cruinnithe go dtí seo na fadhbanna a bhaineann le córas dáileacháin na leabhar Gaeilge, córas a dúirt mórán scríbhneoirí agus foilsitheoirí a bhí ‘as dáta’ agus ar ghanntanas acmhainní.

Ag cruinniú i mí Feabhra, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh borradh faoi fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge le tamall de blianta anuas ach nach bhféadfadh an Foras forbairt a dhéanamh ar an earnáil mar gheall ar chiorruithe a bheith déanta ar bhuiséad na heagraíochta ó 2008 i leith.

Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge le chéile níos luaithe an mhí seo chun labhairt faoi chúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tá taighde ar bun ag an gComhairle Ealaíon le fáil amach céard a spreagann daoine chun leabhair Ghaeilge a léamh ar son na scíthléitheoireachta.

Ginearálta

Creidim féin go bhfuil tionchar ag cúrsaí maoinithe agus ioncaim ar a lán de na laigí seo, msh maidir le bheith in ann scríobh go leanúnach seachas cúpla tráthnóna sa tseachtain; agus maidir leis an sórt poiblíochta agus feiceálachta a fhaigheann an leabhar is fearr i nGaeilge.

leis an bplé atá ar siúl ceathrar scríbhneoirí

Anna

NA SEÁNRAÍ

Mar atá ráite cheana leis an gComhchoiste, tá laigí móra ann maidir le heagarthóireacht, margaíocht agus dáileachán na leabhar Gaeilge, agus tá sé áiféiseach dar liom nach bhfuil fiú suíomh gréasáin ag ÁIS le glacadh le horduithe leabhar ná teagmhálacha rialta acu le baill foirne na siopaí leabhar agus na leabharlann

Molaim go láidir foghlaim ó shampla na Breataine Bige: suíomh gréasáin ag ÁIS, foireann á chothú agus á uasdátú, agus triúr ball foirne a bheith i mbun cuairteanna agus teagmhála rialta leis na siopaí, leabharlanna agus scoileanna, agus traenáil do na siopaí mar a moladh cheana. Cén t-iontas go mbíonn leabhair Ghaeilge ar chúlseilfeanna nó gan fáil orthu nuair nach bhfuil bolscaireacht ar siúl ar a son go leanúnach, snasta, proifisiúnta mar is gá?

Maidir le margaíocht, molaim freisin go mbeadh sé mar choinníoll ag Clár na Leabhar Gaeilge sna deontais a thugann siad do na foilsitheoirí go mbeadh plean margaíochta feiliúnach leagtha amach do gach leabhar a fhaigheann cúnamh maoinithe, rud a chuirfidh le líon na léirmheasanna agus na n-agallamh poiblíochta i mo thaithí féin.

Cathal

Ní léir dom go bhfuil nós na léitheoireachta i nGaeilge á chothú i scoileanna, nó i gcoláistí tríú leibhéal fiú, rud gur gá le nós na léitheoireachta a chinntiú ina dhiaidh sin. Níl saibhreas na litríochta reatha nó stairiúil á mhúineadh go héifeachtach faoi na siollabais atá i bhfeidhm faoi láthair.

Muna gcuirtear an laige sin i gceart, is ar éigin go mbeidh fhios ag aos óg na tíre, nó a gcuid múinteoirí, gur ann don traidisiún iontach litríochta sa Ghaeilge nó gur ann do scríbhneoireacht chomhaimseartha ar ard-chaighdeán. Gan léitheoirí a chothú sa chorás oideachais, beidh sé doiligh ar fhoilsitheoirí theacht ar mhargadh do leabhair, fiú má tá scríbhneoirí agus leabhair den scoth acu.

Tadhg

Foilsítear corrleabhar do dhéagóirí ach is gá an soláthar a leathnú go mór agus is gá an t- éiceachóras a fhorbairt. Tá gá le réimse leabhar nua de dhá chineál:

  1. leabhair atá dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar chainteoirí Gaelscoile ar fud an oileáin,
  2. téacsanna high-low, mar a thugtar orthu – i. leabhair a bhfuil leibhéal sofaisticiúil ó thaobh na síceolaíochta de ar fáil iontu, ach leibhéal na teanga a bheith dírithe ar dhaoine atá ag plé le Gaeilge i scoileanna a mhúineann trí Bhéarla.

s gá bheith ag cur leis an obair bhreá a rinne Cló Mhaigh Eo, nach bhfuil ann níos mó, agus Leabhar Breac atá ag treabhadh leo, i réimse na n-úrscéalta grafacha, idir bhunsaothair ó scríbhneoirí Gaeilge agus aistriúcháin isteach.

Mar sin, beidh ar an scríbhneoireacht a bheith ar ardchaighdeán cumadóireachta agus eagarthóireachta le dul i bhfeidhm ar dhéagóirí na hÉireann. Tá obair mhór le déanamh agus creidim gur cheart ciste ar leith a chur ar fáil le díriú go córasach ar an obair. Beidh tacaíocht na scoileanna ag teastáil, rud a bheidh dúshlánach mar go mbíonn brú ar mhúinteoirí meánscoile díriú ar scrúduithe. Ach tá géarghá leis an droichead seo a thógáil idir na léitheoirí óga agus na léitheoirí fásta.

Tá scríbhneoirí breátha ann, tá caighdeán ard ag baint le saothar chuid mhór daoine a fhoilsítear. Tá gá le bheith ag cur le héagsúlacht an tsoláthair, agus gá ar leith, creidim féin, le tuilleadh úrscéalta comhaimseartha agus le hábhar neamhfhicsin comhaimseartha nach ábhar acadúil é. T

Nuair a chuimhnítear ar a laghad daoine atá ann a mbeadh an leibhéal teanga acu leabhar Gaeilge a léamh, is éachtach an méid atá ag tarlú i saol na foilsitheoireachta Gaeilge. Ach tá roinnt mhaith daoine a bhfuil an leibhéal teanga chuí acu nach léann i nGaeilge mar go bhfuil na leabhair a chuireann foilsiteoirí móra Béarla na Breataine níos mealltaí. Caithfear leabhair a chur ar fáil do na daoine sin. Chuige sin, teastóidh breis scríbhneoirí agus eagarthóirí liteartha oilte, daoine a chreideann gur fiú an dua, go bhfuil idir aitheantas agus ioncam le fáil ón obair a chuireann siad isteach.

Ní cur chuige inmharthanach é an cur chuige reatha. Is féidir roinnt mhaith de na fadhbanna a leigheas ach teastóidh breis acmhainní agus iad caite go cúramach agus go córasach.

Poll mór i saol na tíre an fhaillí gan náire a dhéantar ar leabhair Ghaeilge

Níos mó