![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F07%2Fgaelchultcol-e1666602552284.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=f65ddf41)
Seisiún eolais maidir le cúrsa nuafhógartha Dioplóma Gairmiúil i bhFiontair Bheo
Seisiún eolais maidir le cúrsa nuafhógartha Dioplóma Gairmiúil i bhFiontair Bheo
Lecture / TalkTá sé mar mhisean ag Gaelchultúr, an t-aon choláiste tríú leibhéal a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge, an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo sa ghnáthshaol laethúil, san earnáil acadúil agus i saol an ghnó agus na fiontraíochta. Chuige sin, tá lúcháir ar an gcoláiste Dioplóma Gairmiúil úrnua dar teideal Fiontair Bheo - Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht a sheoladh san fhómhar.
Beidh seisiún eolais maidir leis an gcúrsa nuafhógartha seo ar siúil Déardaoin, 4 Lúnasa agus is féidir d'áit a chur in áirithe ar an seisiún seo ar shuíomh an choláiste: https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/seisiuneolais-fiontairbheo
Tuilleadh eolais anseo.