Cruinniú le Cruthú – Turas Úr
Cruinniú le Cruthú – Turas Úr
@ Éastat Baile Chonaill ar an Fhál Carrach
Arts and EntertainmentIs Grúpa Ealaíona nuabhunaithe iad Turas Úr atá lonnaithe in Iar Thuaisceart Dhún na nGall.
Beidh taispeántas in Éastat Baile Chonaill ar an Fhál Carrach ar an Satharn. 30 Iúil. Beidh deilbh ar thaispeántas agus beifear ag spreagadh an phobail le bheith pairteach agus a gcuid píosaí ealaíona féin a dhearadh agus a dhéanamh, ag fiosrú a gcuid cruthaitheachta agus a dtimpeallacht féin.
Beidh ócáid idirghníomhach le pobal na háite agus pobal níos leithne a reáchtáil acu le trí phríomh ghné:
- Cosán dealbhóireachta
- Ceardlann suiteála ina mbeidh an pobal ag cruthú píosa ealaíona a bheidh mar pháirt le suiteál níos mo
- Comhrá agus cainteanna leis na healaíontóirí faoin phróiseas cruthaitheach
Beidh siamsaíocht agus bia ar fáil ar an láthair agus beidh fáilte roimh gach duine, idir óg agus aosta a bheith i láthair.