Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
15-mi-priosuin-curtha-ar-iarfhostai-de-chuid-rte-raidio-na-gaeltachta-as-ionsai-gneasach 

15 mí príosúin curtha ar iarfhostaí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta as ionsaí gnéasach 

| Tuairisc.ie | ,

Tá 15 mí príosúin curtha ar iarfhostaí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta as ionsaí gnéasach a dhéanamh ar bhean a bhí ina codladh.

Ciontaíodh i mí Aibreáin seo caite sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Mícheál Ó Leidhin, 38, a bhí ina chomhfhreagraí polaitíochta le Raidió na Gaeltachta i dTeach Laighean.

Ghlac an Breitheamh Karen O’Connor le hiarratas ó lucht dlí Uí Leidhin go mbeadh cead aige tús a chur lena phianbhreith ó mhaidin Dé Luain chun go mbeadh deis aige achomharc a dhéanamh roimh dheireadh an téarma dlí Dé hAoine.

Dúirt an Breitheamh gur ghlac Ó Leidhin le breith an ghiúiré gan glacadh le bunús an chinnidh sin. Chaithfí an méid sin a chur san áireamh agus ceist an aiféala á meas, a dúirt sí.

Dúirt sí gur thug an gearánach fianaise “an-láidir” faoin tráma fadtéarmach a d’fhulaing sí i ndiaidh na heachtra.

18 mí sa phríosúin a ghearr sí ar an gcúisí ach chuir sí trí mhí ar fionraí ar choinníollacha áirithe.

Dúirt an Breitheamh gur chuir sí gach aon rud san áireamh agus a cinneadh á dhéanamh aici faoi chás a bhí “neamhghnách” dar léi. Chinn sí sa deireadh, a dúirt sí, gur gá go mbeadh tréimhse sa phríosún mar chuid dá pianbhreith.

Bhris na deora ar pháirtí Uí Leidhin nuair a d’fhógair an Breitheamh an phianbhreith.

Sa chúirt i mí na Bealtaine, dúirt an gearánach gur ionsaí ar a corp agus ar a hintinn a bhí i gceist, gur chaill sí a háit sa saol agus go mbeadh uirthi déileáil leis an scéal an chuid eile dá saol.

Dúradh sa chúirt gur bhuail an bhean agus Micheál Ó Leidhin, arb as Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó dhúchas dó ach a bhfuil seoladh aige in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath, le chéile ar oíche amuigh ar an 12 Bealtaine 2018 nuair a chuir cairde ina aithne dá chéile iad. Phógadar a chéile i dteach tábhairne i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus chuaigh siad ar ais go dtí teach Uí Leidhin níos déanaí.

Tharla gníomhaíocht ghnéasach eatarthu ar thoiligh an bheirt páirt a ghlacadh ann, ach dúirt an bhean nach raibh caidreamh collaí uaithi mar nach raibh aon fhrithghiniúint acu.

Dúradh sa chúirt gur thit an bheirt acu ina gcodladh agus nuair a dhúisigh an bhean go raibh Ó Leidhin ag luí anairde agus é ag crúbáil a cuid cíoch.

Dúirt sí leis éirí di, ghabh sé a leithscéal léi agus dúirt sé rud éigin ar nós “tá brón orm, tá macnas orm”.

Dúirt an bhean leis an gcúirt nach raibh aon cheist ann gur thoiligh sí don iompar seo, gur chuir sé as go mór di, go raibh sí trína chéile mar gheall air agus go ndúirt sí le Ó Leidhin gur iompar ait a bhí ann agus í ina codladh.

Chuadar ar ais a chodladh agus níos déanaí an mhaidin sin thug Ó Leidhin síob abhaile don bhean.

Labhair siad beirt lena chéile an lá sin ar an bhfón agus ar theachtaireachtaí téacs agus chuir an bhean a míshásamh faoin eachtra in iúl dó.

Chuaigh Micheál Ó Leidhin go dtí teach na mná an oíche sin chun an scéal a phlé agus thug siad uair an chloig ag caint. Dúirt an t-abhcóide ar son an chúisimh gur easaontaigh siad lena chéile faoin méid a tharla agus gurb in deireadh leis an dteagmháil eatarthu.

Thug an bhean tuairisc faoin eachtra do na Gardaí i mí Aibreáin 2019.

Sa ráiteas a thug sé do na Gardaí faoin eachtra, dúirt Ó Leidhin nuair a dhúisigh sé an oíche sin go raibh sé ag iarraidh leanúint leis an ngníomhaíocht ghnéasach a bhí ar siúl aige féin agus ag an mbean níos túisce.  Dúirt sé go raibh sé “ag méiseáil timpeall” agus é ag iarraidh an bhean a dhúiseacht chun go leanfaí den ghníomhaíocht.  Stad sé nuair a d’iarr an bhean air stad, a dúirt sé.

Dúirt an bhean ina ráiteas tionchair íospartaigh go raibh sí ag iarraidh an rian a d’fhág an foréigean gnéis uirthi a chur ar an taifead.  Dúirt sí gur ionsaíodh í nuair a bhí sí ina codladh agus gur ionsaí ar a corp, a hintinn, a tuiscint uirthi féin agus an tuiscint go raibh sí sábháilte sa saol seo.

Chuir an eachtra isteach ar gach gné dá saol, a dúirt sí.

Dúirt sí gurb í oíche na heachtra an oíche dheireanach a rachadh sí a chodladh agus an bhraistint aici go raibh sí sábháilte agus nach bhféadfadh sí a thuiscint conas a dhéanfadh duine ionsaí gnéis uirthi agus í ina codladh.

Bíonn sí ag cuimhneamh arís agus arís eile ar an ionsaí, a dúirt sí, agus ní bhíonn aon chríoch leis an strus agus an imní a lean an eachtra.

Bhraith sí brón agus briseadh croí agus míshuaimhneas ar deacair cur síos orthu agus bhraith sí go raibh sí scartha amach ón saol mar atá.

D’éirigh a caidreamh lena muintir achrannach, chaill sí go leor cairde agus níor éirigh léi aon dul chun cinn a dhéanamh ina slí bheatha. Bhí sí faoi ghruaim agus i riocht lámh a chur ina bás féin, rud a ndearna sí iarracht amháin é a dhéanamh.

Dúirt sí nach mbeadh uirthi cur suas leis an méid a d’fhulaing sí dá mbeadh tacaíocht níos fearr ar fáil do mhná a ndéantar ionsaithe gnéis orthu.

Cé gurb é Ó Leidhin amháin ba chúis leis an dochar a deineadh dá caidrimh le daoine eile, cuireadh an milleán uirthi mar gheall ar an méid a tharla agus náiríodh í, a dúirt sí.

Bhí uirthi íoc as coinní dochtúra agus seirbhísí comhairleoireachta agus bhí trí bliana ann idir an uair a ndeachaigh sí go dtí na Gardaí agus tús na trialach.

Dúirt sí nach bhféadfaí glacadh leis go dtógann a leithéid de chás chomh fada sin mar go bhfágann sé go mbíonn íospartaigh teanntaithe sa “tráma” a bhaineann dóibh. Bhain strus mór chomh maith le bheith á ceistiú sa chúirt faoin eachtra agus bhraith sí go raibh sí ar tí taom croí a bheith aici.

Ní dhéanfadh sí dearmad go deo ar an eachtra nach ligfeadh sí di a leagan amach cé hí féin.

Dúirt sí go bhfágfadh sí le hiompar ag an té a d’ionsaigh í na rudaí a dúradh sa chúirt fúithi nach raibh fíor, a pian agus a náire.

Dúirt an bhean nach raibh sí ag iarraidh go n-ainmneofaí í ach go raibh sí ag iarraidh go n-ainmneofaí Micheál Ó Leidhin.

Ghabh an Breitheamh Karen O’Connor buíochas leis an mbean as an dínit a léirigh sí agus as labhairt chomh maith sin faoin ionsaí.

Dúirt an t-abhcóide ar son na cosanta, Bernard Condon, gur eachtra aon uaire a bhí ann, gur ghlac Micheál Ó Leidhin le cinneadh an ghiúiré agus gur chuir sé in iúl go raibh aithreachas agus brón air faoin méid a tharla. Ní raibh aon chúis ag na Gardaí aon aird a thabhairt ar Ó Leidhin roimh an eachtra nó ó shin, a dúirt Condon.

Bheadh a chliant ar chlár na gciontóirí gnéis, bhí a phost caillte aige agus bheadh sé deacair aige ceann eile a fháil. Mhaígh an t-abhcóide ar son na cosanta nach raibh an cion chomh tromchúiseach le cionta eile dá leithéid agus d’achainigh sé ar an mBreitheamh gan príosún a chur ar a chliant.

Dúirt an Breitheamh Karen O’Connor gur chuir sí fógra na pianbhreithe siar go dtí an lá inniu nuair a thug abhcóide Uí Leidhin, Bernard Condon, le fios gur ghlac a chliant le cinneadh an ghiúiré.

Dúirt sí gurb é sin an chéad uair ar cuireadh an méid sin in iúl agus gur theastaigh uaithi go ndéanfaí a thuilleadh scagtha ar an gcás trí thuairisc phromhaidh a ullmhú. Dúirt sí gurb iad na cúinsí géaraitheacha sa chás ná an lorg a d’fhág an eachtra ar an mbean.

Dúirt gur sárú ar mhuinín a bhí ann go dtarlódh a leithéid agus an bhean ina codladh i dteach an chúisí. Mar mhaolú, dúirt sí go raibh dea-cháil ar Mhicheál Ó Leidhin roimhe seo. Duine díograiseach ardcháilithe a bhí ann ar bronnadh scoláireacht air agus é san ollscoil, d’oibrigh sé go dian i gcónaí agus bhain sé go leor amach ag an obair.

Dúirt a chlann agus a chairde gur cara dílis tuisceanach é agus go raibh brón agus aiféala mór air faoin méid a tharla.

Dúirt an Breitheamh gur léirigh an tuairisc phromhaidh gur bheag an baol a bhí ann go ndéanfadh sé aon choir amach anseo.

Dúirt sí, áfach, gur léirigh an tuairisc chéanna gur ghlac sé le breith na cúirte gan glacadh leis an tábhacht a bhain leis an gcinneadh sin. Dúirt sí go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh aiféala air gur ghoill an eachtra ar an mbean ach gur tuigeadh dó gurb é a bhí ag cur isteach uirthi ná a léamh féin ar an méid a tharla.

Níos mó