D’fhreastail os cionn 1,000 seirbhíseach poiblí ar sheimineár le déanaí chun foghlaim faoi na dualgais nua a bheidh orthu faoin reachtaíocht teanga.
Roinn na Gaeltachta a d’eagraigh an dá sheimineár agus labhair oifigigh de chuid na Roinne leis na seirbhísigh phoiblí ar na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm agus Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe.
Labhair an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag na seimineáir freisin faoin monatóireacht a bheidh ar bun ag a oifig féin i leith na ndualgas nua. Beidh feidhmeanna breise faireacháin ag an gCoimisinéir Teanga faoin acht leasaithe agus deis aige monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile.
I measc na leasuithe a ritheadh ar an Acht Teanga ag deireadh na bliana seo caite, tá deireadh le cur le córas na scéimeanna teanga. Bhí ar gach comhlacht poiblí a bhí ainmnithe faoin Acht scéim a ullmhú ina leagfaí amach na seirbhísí a raibh dualgas orthu iad a chur ar fáil i nGaeilge. Bhí an córas imithe chomh mór sin in aimhréidh sa deireadh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as a bheith ag déanamh monatóireachta uirthi.
Córas bunaithe ar chaighdeáin a thabharfar isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Faoin gcóras nua, leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, bheadh níos mó dualgas ar an nGarda Síochána agus ar na Coimisinéirí Ioncaim ná mar a bheadh ar Oifig an Ard-Aighne nó Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ar beag an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Tá sprioc agus spriocam maidir le hearcú Gaeilgeoirí sa státchóras agus dualgas reachtúil seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht anois leagtha síos san Acht Teanga chomh maith.
Bhí a gcéad chruinniú an tseachtain seo caite ag an gcoiste náisiúnta nua a bunaíodh le plean a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.
Roimh dheireadh mhí Lúnasa a fhógrófar go bhfuil tairiscintí á lorg ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid den phlean náisiúnta earcaíochta.
I measc na gcéad chéimeanna eile atá beartaithe i dtaobh na reachtaíochta nua, tá Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, le feidhm a thabhairt don fhoráil san acht a bhaineann le cúrsaí fógraíochta.
Faoin reachtaíocht leasaithe beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí feasta céatadáin áirithe dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge.
Tá sé i gceist go dtiocfaidh an chuid sin den dlí i bhfeidhm san fhómhar.
San fhómhar chomh maith a thabharfaidh an tAire Stáit feidhm d’fhoráil a chinnteoidh go gcaithfidh an ghairm a fhaigheann duine le dul ar ghiúiré a bheith i nGaeilge agus i mBéarla.
Roimhe seo ní raibh aon dualgas dlí ann go mbeadh gairm dá leithéid dátheangach.
Dúirt an tAire Stáit Chambers sa Dáil le déanaí go dtabharfaí feidhm den bhille de réir a chéile agus gur “plean fadtéarmach” a bhí i gceist nach dtarlódh “thar oíche”.