Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
beirt-as-gach-triur-den-tuairim-go-bhfuil-ceart-ann-ar-reamhscolaiocht-tri-ghaeilge 

Beirt as gach triúr den tuairim go bhfuil ceart ann ar réamhscolaíocht trí Ghaeilge 

| Tuairisc.ie | ,

Tá tacaíocht mhór don réamhscolaíocht trí Ghaeilge léirithe i bpobalbhreith nua.

Léirítear sa suirbhé náisiúnta, a rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge, go bhfuil níos mó daoine in Éirinn ar son réamhscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí óga ná a mhalairt.

Ó dheas, ní raibh ach 15% den tuairim nár chóir go mbeadh gach páiste i dteideal freastal ar réamhscoil lán-Ghaeilge. Mheas 61%, beagnach beirt as gach triúr, go raibh sé de cheart ag tuismitheoirí réamhscolaíocht trí Ghaeilge a fháil dá leanbh dá mba mhian leo.

Níor léiríodh an tacaíocht chéanna don réamhscolaíocht trí Ghaeilge ó thuaidh ach bhí líon na ndaoine a bhí i bhfabhar níos mó réamhscoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil níos airde ná líon na ndaoine a bhí ina choinne. 39% a mheas go raibh gach páiste i dteideal freastal ar réamhscoil trí Ghaeilge agus 30% a dúirt a mhalairt. Nuair a tógadh líon na ndaoine sa suirbhé a dúirt nach raibh a fhios acu nó nach raibh tuairim acu faoin gceist, bhí beagnach 60% ar son réamhscolaíocht trí Ghaeilge a bheith ar fáil do gach páiste.

Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta Gaeloideachas gur gá don stát gníomhú lena chinntiú go mbeifear in ann an t-éileamh atá ar naíonraí a shásamh. Tagraíodh don laghdú beagnach 30% atá tagtha ar líon na naíonraí le blianta beaga anuas agus dúradh go raibh géarchéim san earnáil faoi láthair.

Dúirt Gaeloideachas go raibh “deiseanna caillte ag na céadta páiste Gaeilge a shealbhú agus iad ag tús a n-aistir oideachais” toisc na deacrachtaí a bhí ann foireann a earcú nó a choinneáil mar gheall ar choinníollacha pá.

“Tuigeann muid go bhfuil an-éileamh ar naíonraí, agus is gá don Stát gníomhú lena chinntiú go mbeidh an soláthar ann le freastal ar na teaghlaigh seo,” a dúirt an t-urlabhraí. “Tá laghdú, ar údar an-imní é, tagtha le blianta beaga anuas ar líon na naíonraí atá ag feidhmiú sa tír, de réir Tuarascáil Bhliantúil Phróifíl Earnáil na Luathbhlianta de chuid Pobal – ó bhreis agus 260 in 2018/2019 go 185 in 2020/2021. Léiríonn seo staid ghéarchéime, agus ní mór don Stát gníomhú go tapa le hinfheistíocht straitéiseach le hearnáil na luathbhlianta trí Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú.”

Tá Gaeloideachas ag moladh go ngníomhófaí le dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta agus go dtabharfaí deis d’oibrithe naíonraí tabhairt faoina ngairm trí Ghaeilge. 

“Is gá an soláthar maoinithe suntasach a bhí san earnáil agus ar cuireadh deireadh leis sa bhliain 2014 a athinfheistiú sna naíonraí arís, agus an coinníoll a chur le haon mhaoiniú a chuirtear ar fáil le seirbhís a sholáthar don earnáil luathbhlianta gur gá tacaíocht i nGaeilge a chur ar fáil do shuíomhanna tumoideachais.”

Dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur léirigh an rath a bhí ar Naíscoil na Seolta in Oirthear Bhéal Feirste an t-éileamh atá ann ar an réamhscolaíocht trí Ghaeilge.

“Tá an tromlach thuaidh agus theas ag tacú leis an éileamh gur cheart go mbeadh deis ag gach páiste freastal ar réamhscoil trí Ghaeilge. Is éileamh é sin atá thar a bheith bunúsach agus réasúnta, ó dheas, áit a bhfuil an Ghaeilge mar theanga oifigiúil, agus ó thuaidh, áit a bhfuil dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn,” a dúirt Ó Deá.

“Nuair a fheiceann muid naíscoil lán-Ghaeilge á bunú in Oirthear Bhéal Feirste ag gníomhaithe pobail, ní fhágann gníomh ceannródaíoch spreagúil mar sin aon leithscéal ag na húdaráis thuaidh-theas gan a gcuid féin a dhéanamh ar an cheist seo.” 

Tá ráite cheana ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur “ceart bunúsach” é go mbeadh réamhscolaíocht trí Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó a roghnaíonn naíonra lán-Ghaeilge dóibh, ach gur chóir smaoineamh chomh maith ar an uile thuismitheoir eile sa tír.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo.

Roghnaíodh 2,051 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Níos mó