Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
teip-stormont-straiteis-don-ghaeilge-a-thabhairt-isteach-‘midhleathach’-–-ard-chuirt

Teip Stormont straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach ‘mídhleathach’ – Ard-Chúirt

| Tuairisc.ie | ,

Dheimhnigh Breitheamh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu gur sháraigh Feidhmeannas Stormont an dlí nuair a theip orthu Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Dúirt an Breitheamh Scoffield gur sárú ar an Acht um Thuaisceart Éireann a bhí i dteip an Fheidhmeannais an gealltanas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

“Mídhleathach” a bhí teip an Fheidhmeannais a dúirt an Breitheamh agus dúirt sé go raibh sé ag súil go dtabharfadh an chéad Fheidhmeannas eile Straitéis isteach don Ghaeilge “gan mhoill”.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “bua stairiúil” a bhí i gcinneadh na cúirte.

“Arís eile, tá dearbhú láidir agus stairiúil faighte againn ón Bhreitheamh inniu a deir gur sháraigh an Feidhmeannas an dlí trína dteip leanúnach Straitéis a thabhairt isteach,” arsa Ó Muadaigh.

“Tá fhios againn gur chuir an DUP cosc ar cheist na Straitéise dul ar chlár oibre Choiste an Fheidhmeannais 26 uair idir 2020 agus 2021, rud a chuir go mór leis an mhoill fhada.

“Tá muid ag súil leis anois go mbeidh dréacht-Straitéis réidh go luath, rud a bhfuil muid ag obair go dlúth air mar chuid den Choiste Comh-Deartha leis an Roinn Pobal. Beifear ag súil leis go nglacfaidh an chéad Fheidhmeannas eile leis an Straitéis sin láithreach.”

I mí an Mheithimh 2021 thug an Ard-Chúirt i mBéal Feirste cead do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a lorg i dtaca le teip Fheidhmeannas Stormont straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Maíodh san Ard-Chúirt i mí na Samhna 2021 go raibh Feidhmeannas Stormont d’aon turas agus go neamhdhleathach ag cur bac ar iarrachtaí straitéis don Ghaeilge a chur chun cinn.

Mhaígh abhcóide Chonradh na Gaeilge go raibh na feidhmeannaigh in Stormont ag déanamh neamhaird den chinneadh breithiúnach in 2017 gur sárú ar a ndualgas dlí a bhí ann gan glacadh le treoirphlean.

Maíodh chomh maith gur blocáladh 26 iarracht a rinne an tAire Pobal de chuid Shinn Féin, Deirdre Hargey straitéis a phlé.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an t-aturnae a bhí ag Conradh na Gaeilge, Mícheál Ó Flannagáin, gur “rialú tábhachtach” a bhí ann.

“D’eisigh an Ard-Chúirt an dara dearbhú ar maidin gur theip ar an Fheidhmeannas Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, go raibh an teip sin mí-dhleathach agus gur sháraigh sé a ndualgas reachtúil ar an ábhar seo,” arsa Ó Flannagáin.

“Ní raibh fadhb ag an Bhreitheamh Scoffield rialú a thabhairt gur sháraigh an Feidhmeannas an dualgas reachtúil seo agus luaigh sé ‘go raibh de dhualgas ar an Fheidheammanas an cheist seo a réiteach go gasta’ i ndiaidh an Chomhaontaithe Ré Nua Cur Chuige Nua agus gur ‘theip’ orthu sin a dhéanamh.”

Tá aighneas ar siúl le fada maidir le gealltanais a rinneadh faoin nGaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a chomhlíonadh.

In 2017 cinneadh san Ard-Chúirt gur sárú ar an Acht um Thuaisceart Éireann 1998 a bhí san easpa dul chun cinn ar na gealltanais sin agus dhearbhaigh breitheamh go raibh an Feidhmeannas ag sárú a dhualgas dleathach.

Gealladh straitéisí nua don Ghaeilge agus don Ultais athuair i Ré Nua Cur Chuige Nua, socrú a chuir feidhmeannas roinnt na cumhachta ar siúl arís in 2020.

Dúirt aturnae Chonradh na Gaeilge, Mícheál Ó Flannagáin, go raibh sé tábhachtach freisin gur dhiúltaigh an Ard-Chúirt don mhaíomh nach raibh aon chumhacht ag an bhFeidhmeannas cur i bhfeidhm na Straitéise féin a chur chun cinn.

“Is rialú tábhachtach é sin ann féin. Thar aon ní eile tá dearbhú as an nua eisithe ag an chúirt go mbeifear ag súil leis go réiteoidh aon a Fheidhmeannas nua an cheist seo gan mhoill.”

Níos mó