Féile Filíochta Fhine Gall
Féile Filíochta Fhine Gall
@ Muilte na Sceirí
FestivalFéile lán d’iontaisí do gach aois ghrúpa.
Filíocht, ceol agus spraoi as Béarla agus as Gaeilge.
Filíocht ó aíonna speisialta.
Bí linn do Louis de Paor agus Iggy mcGovern ag léamh as a saothair fhilíochta féin chomh maith len iad beirt bheith ag bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí na gcomórtas filíochta, ‘An Fiach Dubh’ agus ‘Fingal Poetry Prize’.
Cuirfear fáilte mhór roimh Áine Ní Ghlinn, file agus Laureate na nÓg. Léifidh sí dúinn agus tabharfaidh sí ceardlann do ghrúpa leanaí.
Rithfear Clinic Leabhar do pháistí agus daoine óga, ina bhfreastlódh na daoine óga ar an Dochtúr Leabhar chun fáil amach cad í an léitheoireacht as Gaeilge is mó a spreagfaidís agus a bheadh in oiriúint dóibh.
Cloisfear agus léifear filíocht tríd an mbaile, amuigh i gcoill Ardgillan, ag Cuan na Sceirí. Bíodh blaise filíocht agat le do lón nó filíocht i dteannta le ceol. Beir leat do dhán féin nó an dán is fearr leat agus fair amach do dheis é a roinnt le daoine eile.
Beidh filíocht físiúil na gcomharthaí ón Deaf Poets Society. Beidh féasta filíochta lena leithéid agus Gerard Smyth, Nithy Kasa, Aifric Mac Aodha, Nessa Ó’Mahony, Dermot Bolger, Ciara Ní É, Bob Shakeshaft, Mary Branley, Susan Connolly, Peter O’Neill, Kate Miller, Angela Gardner, Breda Wall Ryan, Michael O’Loughlin.
Fáilte romhat go dtí an ‘Craic & Comhrá’ nó freastal ar an ‘Seomra / Salon’ leis an MC Seána Ó Rodaigh nó ar an Fingal Poetry Slam.
Ticéidí ar líne ( Eventbrite) nó ag an doras ar an lá!
Roinnt ócáidí saor in aisce.
Tuilleadh eolais ag fingalpoetryfestival.com/feile-filiochta-2022/