Comórtas fidle: Bonn Óir Seán Ó Riada
Comórtas fidle: Bonn Óir Seán Ó Riada
CompetitionComórtas fidle: Bonn Óir Seán Ó Riada & €2500 le baint
Tá sé fógartha ag an gcraoltóir Peadar Ó Riada go bhfuil an comórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada 2022 oscailte anois, agus gur ar an bhfidil atá comórtas na bliana seo dírithe. Is é Dé hAoine 23 Meán Fómhair an spriocdháta don chomórtas, atá á reáchtáil tríd an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is comórtas ceoil thraidisiúnta atá i mBonn Óir Seán Ó Riada, atá dírithe ar uirlis dhifriúil gach bliain. Bronnfar an bonn óir agus €2500 ar an mbuaiteoir.
Is liosta le háireamh na ceoltóirí a bhfuil an gradam seo buaite acu go dtí seo. Ba í an fidléir Aoife Ní Bhriain as Baile Átha Cliath a thug léi an comórtas an chéad uair riamh gur reáchtáladh é sa bhliain 2011. Bhí an fhidil i gceist sa bhliain 2015 freisin, agus ba é Darragh Curtin ó Bhrosna i gCiarraí a thug leis an bhliain sin é, agus sa bhliain 2019 bhí an bua ag Rebecca McCarthy-Kent as an Trá Mhór i bPort Láirge.
Deir Peadar Ó Riada:
“Tá an comórtas seo ag dul ó neart go neart gach aon bhliain, agus luann na ceoltóirí linn go minic an t-atmaisféar iontach, tacúil, cairdiúil atá ann ag an gcraobh. Tá aithne curtha againn ar cheoltóirí ar fud an domhain tríd an gcomórtas, agus tá súil againn aithne a chur ar a thuilleadh fidléirí den scoth i mbliana.”
Roghnófar 15 iomaitheoir le bheith páirteach sa chraobh don chomórtas, a bheidh ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh sa bhliain nua.
Le cur isteach ar an gcomórtas, is gá do cheoltóirí:
- 5 phíosa/seit ceoil a thaifead (is leor iad a thaifeadadh ar an ríomhaire/fón, ní caighdeán stiúideo atá i gceist)
- Clárú ag www.cuireadhchunceoil.ie
- Na píosaí ceoil a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín sin faoin 23 Meán Fómhair
Fógrófar ainmneacha na gceoltóirí a bheas sa chraobh ar an gclár Cuireadh chun Ceoil beo ó Éigse Dhiarmuidín ag tús mhí na Nollag.
Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí ar an gcomórtas.