Beidh a bhfeachtas réamhbhuiséid faoi lán seoil ag Conradh na Gaeilge inniu agus amárach agus lucht na heagraíochta teanga ag bualadh le polaiteoirí chun cás na Gaeilge i mBuiséad 2023 a phlé.
Beagnach €25 milliún d’infheistíocht bhreise sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht atá á lorg ag Conradh na Gaeilge
Is do TG4 agus d’Údarás na Gaeltachta is mó atá maoiniú breise á éileamh ag an gConradh i mbliana agus €8 milliún breise á lorg don dá eagraíocht.
Ardú 9% a fógraíodh ar chiste Roinn na Gaeltachta sa Bhuiséad deireanach ach ní cothrom na Féinne á thabhairt go fóill don teanga , a dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
“Cé go n-aithníonn muid an maoiniú breise a tugadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2019 i leith, is gá gníomhartha faoi leith a ghlacadh chun spreagadh agus cothromaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go háirithe i gcomhthéacs an mhaoinithe a cuireadh ar fáil d’earnálacha eile le blianta beaga anuas.”
Dúirt Uachtarán an Chonartha go gcuirfeadh an maoiniú breise atá á lorg fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht agus go gcinnteodh sé go mbeadh níos mó deiseanna ag daoine ar fud na tíre an Ghaeilge a labhairt.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go mbeidh tacaíocht na bpolaiteoirí á lorg chomh maith maidir le héilimh eile de chuid an na heagraíochta. Táthar ag iarraidh go dtabharfaí isteach polasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais, ‘ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal’.
“Gheall Fianna Fáil agus An Comhaontas Glas an polasaí seo san olltoghchán agus tá tagairt ann dó sa Chlár Rialtais reatha ach níl an Rialtas ag gníomhú I dtaobh an mhórpholasaí seo – a mhalairt atá fíor agus tá comharthaí ann anois go bhfuil an teanga á lagú sa chóras.
“Ní ghá ach féachaint ar an gcinneadh a glacadh le Páipéar a 1 don Ghaeilge san Ardteist a bhogadh go deireadh bhliain a 5. De réir eolais atá faighte ag an gConradh, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léirigh Coimisiúin Scrúdaithe an Stáit imní mhór faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a bheadh ann d’oideachas na ndaltaí, buachaillí go háirithe.
“Freisin, de réir anailíse a rinne Tuairisc, is eol dúinn anois nach ndearna 22% de dhaltaí na hArdteiste aon scrúdú Gaeilge i mbliana. Níl aon phlean nó polasaí ag an Rialtas le plé leis an teanga go comhtháite sa chóras. Is gá sin a réiteach anois.”
Pléifear chomh maith mar chuid d’fheachtas stocaireachta na heagraíochta ceist na tithíochta sa Ghaeltacht.
Tá coinníoll curtha ag Conradh na Gaeilge lena n-éileamh don Údarás agus do TG4 i mbliana.
I gcás an Údaráis tá maoiniú breise á lorg ag an gConradh ar an tuiscint go gcaithfí é ar an bpleanáil teanga agus ar chruthú fostaíochta atá bunaithe ar an teanga.
Táthar ag iarraidh chomh maith go gceapfaí oifigeach óige nua i ngach ceantar Gaeltachta agus tá airgead breise á lorg do na coláistí samhraidh agus na comharchumainn Ghaeltachta.
I gcás TG4 tá éileamh Chonradh na Gaeilge bunaithe ar an dtuiscint go n-úsáidfí an €8.3 milliún breise chun níos mó clár Gaeilge a dhéanamh. Chomh maith leis sin, tá thart ar €2.7 milliún á lorg d’Fhoras na Gaeilge. Táthar ag iarraidh go gcaithfí an t-airgead sin ar lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, ar chlár na leabhar Gaeilge, ar na meáin Ghaeilge, ar na ceanneagraíochtaí, ar fhorbairt líonraí Gaeilge agus ar scoláireachtaí do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste.
Thart ar €4 mhilliún atá á lorg do Roinn na Gaeltachta féin chun cur lena scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta. Tá €1.7 milliún á lorg don Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge chun go bhféadfadh sí “bláthú”, camchuairteanna a dhéanamh agus deiseanna fostaíocht agus oiliúna níos mó a chur ar fáil.