Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘fuil-tarraingthe’-ag-gardai-‘nach-labhrodh-gaeilge’-le-cainteoir-gaeilge-i-mbaile-atha-cliath

‘Fuil tarraingthe’ ag Gardaí ‘nach labhródh Gaeilge’ le cainteoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Gortaíodh eagarthóir NÓS nuair a ghabh an Garda Síochána rothar ag an deireadh seachtaine “mar gheall gur éiligh [sé] go labhrófaí [leis] i nGaeilge”. Maíonn Maitiú Ó Coimín go ndearna ball den Gharda Síochána “dochar [dá] rothar agus [dá] cholainn” in eachtra a tharla ar Shráid Chéipil i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. 

Maíonn Maitiú gur labhair sé i nGaeilge amháin leis an nGarda, a chuir cion tráchta ina leith, agus go ndeachaigh an eachtra “as smacht” toisc nach raibh an Garda sásta comhghleacaí a aimsiú a labhródh leis i nGaeilge. 

“Bhí mé ag rothaíocht tráthnóna Dé Sathairn ar Shráid Chéipil, sráid ar baineadh trácht mhótair di cúpla mí ó shin. Shíl an Garda nach raibh cead ag rothaithe a bheith ar an tsráid, rud nach bhfuil fíor, agus léim sé amach romham agus rug greim ar mo rothar. Mar a dhéanann mé i gcónaí, thosaigh mé an comhrá le gníomhaire an stáit i nGaeilge. Ní mó ná sásta a bhí sé, agus thosaigh sé ag rá liom go ‘bhfuarthas réidh leis an riail sin’ agus ‘nár ghá dó Gaeilge a labhairt liom’.

“Focal Béarla níor labhair mé leis, ach mhínigh mé gur theastaigh uaim labhairt le Garda eile a raibh Gaeilge aige agus go raibh dul amú air faoin gcion tráchta. Rinne sé iarracht an rothar a thógáil uaim ach níor éirigh leis. D’iarr cúnamh ar chomhghleacaí leis agus rinne an bheirt acu iarracht an rothar a thógáil ach níor éirigh leo. Tháinig an tríú Garda, gan Ghaeilge, agus bhí an scéal céanna ann. Ar deireadh, ghlaoigh siad ar an mbeairic agus tháinig beirt eile fós,” a dúirt Maitiú. 

Dúirt sé nach raibh Gaeilge ag duine ar bith den chúigear Gardaí a bhí anois ina thimpeall agus “nár tugadh aon aird” ar a éileamh Gaeilge a labhairt leis an nGarda Síochána. 

“Sa deireadh thiar thall, chaith an cúigear acu cúpla nóiméad ag iarraidh mé an rothar a thógáil uaim go brúidiúil. Ghearr siad mo dhá cholpa agus bhagair siad sprae piobair orm. D’éirigh leo an rothar a thógáil agus bhagair siad go ngabhfadh siad mé sular chaith siad an rothar ina veain. 

“Níor gabhadh mé ach b’éigean dom siúl fiche nóiméad chuig an mbeairic le mo rothar a fháil ar ais. Bhí Gaeilge ag an séú Garda a phléigh liom an lá sin ach ba léir dom nár thuig sé féin an dualgas atá ar an eagraíocht plé leis an bpobal sa gcéad teanga oifigiúil. Faoin am a fuair mé a rothar ar ais uathu, bhí an bonn tosaigh pollta agus an solas tosaigh bán briste,” a dúirt Maitiú. 

Tá Maitiú den tuairim gur tógadh an rothar mar gheall gur labhair sé i nGaeilge leis an gcéad Gharda a bhí ag plé leis agus “nach dtarlódh sé do chainteoir Béarla”. 

“Is cinnte gur chuir sé isteach air nach labhródh mé Béarla leis agus airím gur thóg sé an rothar uaim chomh brúidiúil sin le pionós de shaghas éigin a ghearradh orm. Bhí sé go huile is go hiomlán mícheart faoin gcion tráchta, mar is léir óna comharthaí bóthair i gceantar Shráid Chéipil, agus bhí sé go huile is go hiomlán mícheart faoi chearta teanga. Tá gearán déanta agam leis an Ombudsman agus leis an gCoimisinéir Teanga,” a dúirt sé. 

Fógraíodh níos luaithe i mbliana go ndúnfaí Sráid Chéipil i mBaile Átha Cliath do thrácht mhótair agus go mbeadh cead ag coisithe agus rothaithe an sráid a úsáid. Tá an ceart ag cainteoirí Gaeilge plé leis an stát i nGaeilge de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. 

Níos mó