Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Tá comhar na gcomharsan de dhíth arís in am seo an ghátair

| Dáithí Anraí |

Michelle Nic Pháidín

Is beag a shíl muid go mbeadh muid i gcruachás eile i ndiaidh na paindéime, go mbeadh tithe tábhairne, caiféanna agus bialanna ag druid arís agus daoine ag gearradh siar ar ábhair chomh bunúsach le teas ar mhaithe le hairgead a shábháil agus bia a cheannach.

Bítear ag súil le saol gan bhuaireamh, le dinnéaracha móra le cairde, le laethanta saoire thar lear ag na teaghlaigh agus an ghrian ag spalpadh anuas, le siopadóireacht gan teorainn – ach ní sin mar atá sé, a mhalairt ar fad atá fíor.

Tá daoine trom le buaireamh, tá fulaingt ar chúl na gcuirtíní, tá baol ann go bhfuil páistí ag gabháil a luí ar bhoilg fholmha – tá coimhlint agus briseadh croí ar ais arís ar thairseach an dorais.

Le cúpla seachtain anuas, tá gnólachtaí i mBéal Feirste ag tarraingt a gcomhlaí agus gan iomrá acu a dtogáil arís. Seo gnólachtaí fadbhunaithe lena bhfuil dámh agus ceangal ag na daoine agus ag an cheantar. Is ionaid iad seo a bhí níos tábhachtaí ná mar a thuig daoine sna pobail – seo áiteanna inár chruinnigh daoine, áiteanna ar pléadh cúrsaí an tsaoil agus a ndearnadh ceiliúradh ar bhua, áiteanna ar leagadh lámh ar ghualainn in amanna an bhróin.

Tá an tionscal i ngéarchéim gan aon amhras agus tá gá le plean a chur i gcrith a déanfas tarrtháil orthu.

Tá an scéal céanna amhlaidh i gcathracha agus i mbailte eile fud fad na hÉireann. Rinne an Independent cur síos ar na deacaireachtaí a bhí ag úinéirí Cafe Poppy Fields i mbaile Átha Luain nuair a fuair siad bille leictreachais €10,000, nár chlúdaigh ach dhá mhí, i rith an tsamhraidh.

Níl siopa ar bith a leagann tú ladhar iontu nach bhfuil daoine ag gearán faoin chostas maireachtála. Tá sé ráite ag an charthanacht Naomh Uinseann de Pól go bhfuil ar dhaoine an rogha a dhéanamh idir tiomáint chuig coinne otharlainne nó páistí a thiomáint chun na scoile. Agus i gcásanna eile idir an teas a chur ar siúl nó bia a chur ar an tábla.

Dúirt oifigeach de chuid an chumainn, Tricia Keilthy, go bhfuil oibrithe deonacha leo ag gabháil isteach i dtithe ina bhfuil daoine ina suí san fhuacht, gan teas agus coinnle lasta – amhail scéal de chuid Charles Dickens – agus is measa a éireoidh sé i rith an gheimhridh. Dúirt sí gurb olc uilig an scéal é do thuismitheoirí single agus do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Is beag a thig déanamh i láthair na huaire a mbeadh mór-éifeacht aige ar shaol na ndaoine. D’ainneoin sin tá rudaí beaga a thig déanamh – is féidir oideachas a chur ar dhaoine faoin dóigh is fearr le fuinneamh a chaomhnú. Ba chóir cinntiú go mbíonn doirse agus fuinneogaí ag feidhmiú mar is ceart i dtithe an údaráis áitiúil – go háirithe tithe ina bhfuil daoine faoi mhíchumas ina gcónaí iontu. Ba chóir do thiarnaí talún agus daoine eile a bhfuil tionontaí acu an rud céanna a chleachtadh – dearbhú go bhfuil gach duine atá faoi dhíonta a dtíthe te agus go bhfuil gach píosa oibre déanta ar an fhoirgneamh leis sin a chinntiú.

Tá sé thar am ag pobail thart ar an tír uilig theacht le chéile. Chonaic mé clár ar an teilifís ina raibh daoine ag cuidiú le chéile trí cheirdeanna agus talamh a mhalartú. Thaispeáin an clár fear a bhí ag péinteáil tí do bhean agus ise ag tabhairt ceachtanna dó ar dhóigheanna le suim a chothú i bpáistí. Is smaoineamh iontach atá ann. Sílimse gur chóir dúinn uilig a bheith ag cleachtadh an nóis seo.

Is gá dúinn iompú ar an tseanam: nuair a chuaigh comharsana i dtarrtháil ar dhaoine, nuair a thug na comharsana isteach an fhéir don bhean a chaill a fear ar an fharraige, agus a leithéid sin.

In am an ghanntanais, tagann daoine le chéile. Tugann siad tacaíocht dá chéile. Nuair a thiteann an dorchadas bíonn muid ag súil le breacadh an lae, agus níl rud ar bith chomh cinnte agus éirí na gréine ag bun na spéire.

Níos mó