Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ardu-16% -tagtha-ar-lion-na-ndaoine-le-gaeilge-sa-tuaisceart-–-daonaireamh

Ardú 16%  tagtha ar líon na ndaoine le Gaeilge sa Tuaisceart – daonáireamh

| Tuairisc.ie | ,

Tá ardú 16% tagtha ar líon na ndaoine i dTuaisceart Éireann a deir go bhfuil Gaeilge acu, de réir an daonáirimh is deireanaí.

D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) roinnt staitisticí ó Dhaonáireamh 2021 ar maidin, ina measc figiúirí a thugann ar chumas teanga an phobail ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí, deir 228,617 duine i dTuaisceart Éireann go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, bíodh sin í a thuiscint, a labhairt, a léamh nó a scríobh. Is ionann an 228,617 duine sin agus 12.4% den 1,836,612 duine a raibh cónaí orthu i dTuaisceart Éireann nuair a tugadh faoin nDaonáireamh mí an Mhárta 2021.

184,898 duine a dúirt in 2011 go raibh cumas sa Ghaeilge acu, 10.65% den daonra ag an am. Mar sin tá ardú 43,719 duine tagtha ar líon na ndaoine ó thuaidh a deir go bhfuil Gaeilge acu.

I nDaonáireamh 2021, dúirt 71,872 duine nó 4% den daonra go raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt, a léamh, a scríobh agus a thuiscint.

Dúirt beagnach 40% de na daoine a dúirt go raibh cumas sa Ghaeilge acu nach raibh siad in ann ach an teanga a thuiscint.

Bhí an líon is mó daoine le cumas teanga sa Ghaeilge i gceantar Láir Uladh (20.4%). Is san Aird agus An Dún Thuaidh a bhí an líon is ísle – 3.2%.

Deir 87.6% den daonra ó thuaidh – 1,607,995 duine – nach bhfuil cumas ar bith acu sa Ghaeilge, laghdú ó 89.4% in 2011.

Tugadh léargas ar phríomhtheangacha an daonra freisin sna figiúirí nua.

Deir 6,000 duine i dTuaisceart Éireann – 0.3% den daonra – gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga atá acu. Is é an Béarla príomhtheanga formhór mór na ndaoine – 95.4% den daonra nó 1,751,500 duine.

Tá an Pholainnis – 1.1% nó 20,100 duine – agus an Liotuáinis – 0.5% nó 9,000 duine – níos coitianta mar phríomhtheanga ag daoine ó thuaidh ná mar atá an Ghaeilge.

Deir 85,100 duine ar fad, nó 4.6% den daonra, nach é an Béarla an phríomhtheanga atá acu.

Den chéad uair, tugadh cead do dhaoine Daoináireamh 2021 a líonadh as Gaeilge ar líne, deis a thapaigh thart ar 1,300 teaghlach – 0.2% den iomlán.

Maidir leis an Ultais, deir 190,600 nó 10.4% den daonra go bhfuil Ultais éigin acu, ardú ó 8.1% in 2011. 800 teaghlach a líon an daonáireamh trí Ultais.

Léiríonn Daonáireamh 2021 go bhfuil líon níos mó Caitlicigh ná Protastúnaigh anois i dTuaisceart Éireann den chéad uair riamh.

Deir 45.7% den daonra gur Caitlicigh iad nó gur tógadh mar Chaitlicigh iad, i gcomparáid le 43.5% a dúirt gur Protastúnaigh iad.

Is í seo an chéad uair ó deineadh an tír a dheighilt go bhfuil níos mó Caitlicigh i dTuaisceart Éireann ná Protastúnaigh.

Tugtar le fios i nDaonáireamh 2021 nach bhfuil aon chreideamh ag 17.4% den phobal ó thuaidh, ardú ó 10.1% in 2011.

Léirigh figiúirí a foilsíodh níos luaithe i mbliana go bhfuil an daonra ó thuaidh méadaithe go dtí 1.9m duine, níos mó ná riamh.

Níos mó