Bhí láncheart a bhfoinsí a chosaint ag an mbeirt iriseoirí a gabhadh mar gheall ar eolas a thug siad i scannán faisnéise.
B’in a dúirt Tiarna Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann Declan Morgan agus a bhreith á tabhairt aige faoi chás na scannánóirí Trevor Birney agus Barry McCaffrey i gcoinne an PSNI.
Gabhadh an bheirt iriseoirí as eolas rúnda a sceitheadh sa scannán faisnéise No Stone Unturned a bhain le sléacht Loch an Oileáin i gcontae an Dúin inar maraíodh seisear fear i 1994.
Cuireadh ina leith gur amhlaidh gur ghoid siad cáipéisí rúnda de chuid na bpóilíní.
Dúirt an breitheamh san Ardchúirt i mBéal Feirste inniu gurbh amhlaidh gur iompar na hiriseoirí iad féin go cóir ar mhaithe lena bhfoinsí a chosaint.
Ba mhíchuí an cinneadh barántas cuardaigh a cheadú chun a dtithe agus a n-oifigí a chuardach, arsa Morgan. “An t-ábhar a cuireadh faoi bhráid an bhreithimh [chun barántas cuardaigh a fháil] cruthaíodh ina dhiaidh sin dúinne nach raibh aon ní ann a thabharfadh le fios go raibh aon rud eile ar siúl ag na hiriseoirí ach a bheith ag gníomhú chun a gcuid foinsí a chosaint ar bhealach dlíthiúil.
Dúirt an príomh-bhreitheamh gur chloígh Trevor Birney agus Barry McCaffrey le rialacha an NUJ, ceardchumann na n-iriseoirí, maidir le foinsí a chosaint.
Dúirt sé gur cheart na cáipéisí ar fad a thabhairt ar ais do na hiriseoirí agus iarraidh orthu iad a choinneáil ar feadh tamaill.
Tá na fir fós á bhfiosrú ag an PSNI agus iad ar bannaí.
Dúirt an Tiarna Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann Declan Morgan gur mór an fonn a bhí air féin agus a bheirt chomhghleacaithe na barántais chuardaigh a chur ar neamhní.