Corn Uí Riada buaite ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin den tríú huair
Tá Corn Sheáin Uí Riada buaite ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin as Roisín na Mainiach i gCarna den tríú huair. Bhí Bríd, a bhuaigh an comórtas mór amhránaíochta in 2002 agus in 2015, i measc an ochtair a fuair an glaoch ar ais san INEC in Óstán an Gleneagle i gCill Airne anocht.
Ceithre dhuine dhéag ar fad a ghlac páirt sa chomórtas anocht, a bhformhór acu sin as Gaeltacht na Gaillimhe.
Is í Bríd an chéad duine a bhfuil Corn Uí Riada buaite trí huaire aici. Bhuaigh aon duine dhéag eile an comórtas faoi dhó ó tiomnaíodh an corn don chumadóir agus ceoltóir aitheanta as Corcaigh Seán Ó Riada. Bhásaigh an Riadach gan ach an dá scór slánaithe aige i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1972 agus ainmníodh corn phríomhchomórtas amhránaíocht an Oireachtas as an bhliain chéanna.
Ba é Corn Chomhlucht an Oideachais príomhdhuais an chomórtais amhránaíochta ag Oireachtas na Samhna sula bhfuair Seán Ó Riada bás. Bhuaigh an t-amhránaí Nioclás Tóibín an corn sin trí huaire in 1961, 1962, agus 1963. Is í Bríd Ní Mhaoilchiaráin an chéad bhean le príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais a bhuachan trí huaire agus an chéad duine le Corn Uí Riada a thabhairt abhaile trí huaire.
Fágann a bua nach mbeidh cead aici páirt a ghlacadh i gCorn Uí Riada arís.