Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

An mbeidh aon chúis aiféala agat ar leaba an bháis?

| Dáithí Anraí |

Michelle Nic Pháidín

Caidé an rud is mó a bheadh ina chúis aiféala dom agus mé ar leaba an bháis?

Sin í an cheist a chuir cara liom orm an lá fá dheireadh. Níl an bás agam agus tá súíl agam gurb amhlaidh a bhéas an scéal ar feadh i bhfad ach, go foill beag, is ceist thar a bheith suimiúil í. Cé acu óg nó aosta muid is fiú go mór dúinn an cheist a fhiosrú agus, ag deireadh an ailt seo, inseoidh mé daoibh cad chuige a sílim sin.

Dá mbéinnse ag fulaingt an bháis tá fhios agam go mbéinn buartha gur obair mé an oiread agus a d’obair mé. Fiú agus mé á scríobh seo, oíche Dhomhnaigh atá ann agus ní dheachaigh mé ag siúl ar an trá níos luaithe inniu siocar go raibh obair tí le déanamh. Muna ndéanfainn an méid a ndearna mé inniu bheadh sé romham arís amárach agus seans gur sin rud nach mbeadh le rá ag an té a bhí ag fáil bháis. Mar sin, sílim go gcaithfidh mé a bheith níos faichillí le mo chuid ama. An méid oibre agus atá mé ábalta a dhéanamh a dhéanamh taobh istigh d’achar ama na hoibre agus é a fhagáil aige sin.

Is é an rud is luachmhaire atá againn uilig nó am agus, cé go ndeirtear sin go minic linn, ní dhéanann muid faic fá dtaobh de. Caitheann muid ár saol buartha fá rudaí nach fiú faic iad i ndaríre – ag scrolláil tríd na meáin shosíalta ag fáil spléachadh de shaoil ár gcomharsan, ár gcairde agus buartha faoin dearcadh atá ag daoine orainn, ach is seafóid cheart sin. Is trua an t-aos óg atá ag éirí aníos sa chultúr éadomhain seo. Caitheann muid an iomarca ama ag smaoineamh ar dhearcadh daoine eile agus is cur amú ama ceart é sin – agus ag deireadh ár gcuid laethanta anseo sin rud amháin a mbeidh aiféala orainn uilig faoi.

Nuair a thagann deireadh mo chuid ama anseo beidh aiféala orm nach ndéarna mé na rudaí a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith i mo scríbhneoir ach ina áit sin is iriseoir mé. Ní hionann an dá rud ar chor ar bith ach tá beaguchtach orm an obair a fhágaíl agus mian mo chroí a leanstan. Beidh mé buartha go cinnte fá sin go deireadh an róid.

Tá a fhios agam fosta go mbeidh mé buartha nár chaith mé níos mó ama le mo chuid cairde. Is iomaí sin seanchara liom a raibh mo chroí istigh iontu nach ndearna mé iarracht dhul i dteagmhál leo ná labhairt leo leis na cianta.

Ba mhaith liom a bheith ábalta an rud atá i mo chroí a rá amach agus gan eagla a bheith orm go ngortóidh mo chuid focal duine inteacht. Mar dhaoine is deacair duinn labhairt fánár mothucháin – b’fhearr linn iad a choinneál faoi ghlas – cnapán faoin chraiceann ag dul i ndainséar agus beidh aiféala orainn lá inteacht nár labhair muid amach nuair ba chóir duinn. Tabhair moladh an áit a bhfuil sé tuillte agus tabhair comhairleach san áit a bhfuil dochar a dhéanamh. Rud amháin a chuireann aiféala orainn uilig nó focail a dúirt muid nuair nár chóir dúinn – déan cinnte go mbeidh an méid a bhíonn á rá agat ar an bheagán agus ar mhaithe leis an aidhm cheart.

Sula bhfágaim an saol seo ba mhaith liom oíche go maidin a chaitheamh ar an trá i dtír the inteacht. Ba mhaith liom éirí na gréine a choimhéad agus an gaineamh idir mo chuid ladhra agus aoibh an ghaire ar mo aghaidh. Déanfaidh mé sin, bíodh cinnte de.

Dúirt mé ag tús an phíosa seo go n-inseoinn daoibh cad chuige a bhfuil an cheist sin tábhachtach agus is é sin siocar go dtugann sé ort amharc ar an todhchaí agus ar an am i láthair gan baol an bháis romhat. An Domhnach seo chugainn fágfar an obair tí siocar nach bhfuil amárach geallta d’aon duine againn. Déanfaidh mé na laethanta saoire sin atá i mo chroí a phleanáil an bhliain seo chugainn agus beo slán a bhéas mé beidh tuilleadh le cur leo thar na blianta. Níl muid anseo ach ar feadh achar gairid agus níorbh fhiú duinn an saol seo a fhágáil gan mianta ár gcroí a chomhlíonadh. I ndáiríre ba chóir go mbeadh ár gcupán ag cur thar maol agus is againne amháin atá an chumhacht sin a dhéanamh.

Níos mó