Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
aimsir-fhuar-fheanntach-a-tuar-an-deireadh-seachtaine-seo

Aimsir fhuar fheanntach á tuar an deireadh seachtaine seo

| Maire Ni Fhinneadha | ,

Níl aon fhaoiseamh ón bhfuacht i ndán dúinn an deireadh seachtaine seo mar déanfaidh sé sioc crua, beidh cuid de bhóithre na tíre in reothalach, beidh brat tiubh ceo seaca in áiteanna agus beidh bóithre is cosáin contúirteach.

Cé go mbeidh sé tirim cuid mhaith den am, beidh múraíl clocha sneachta, flichshneachta agus sneachta chugainn chomh maith.

Seasfaidh an Chomhairle Aimsire atá i bhfeidhm don tír seo go dtí a 9.00 maidin Dé Luain agus iarrtar ar thiománaithe é a thógáil breá réidh ar na bóithre ar mhaithe le timpistí a sheachaint.

Meastar go seasfaidh an aimsir fhuar seo go dtí an Mháirt ar a laghad.

Déanfaidh sé sioc crua ar fud na tíre arís anocht agus beidh paistí seaca ar bhóithre. Beidh sé tirim i gcuid mhaith ceantar ach go háirithe sna contaetha le cósta an Atlantaigh, beidh corrmhúr geimhriúil ann. Beidh an teocht is ísle idir -4 to -1 agus beidh ceo nó ceo seaca i gceantair go leor.

Tá grian á tuar maidin amárach, an Satharn, grian íseal an gheimhridh ach corrmhúr fánach geimhriúil thart chomh maith. Ní ghlanfaidh an sioc ná an t-oighear in áiteanna rite nach bhfuil aon fhoscadh acu agus beidh na paistí ceo seaca fós in áiteanna. Leoithne bhog gaoithe aniar aduaidh atá á tuar agus ní ghabhfaidh an teocht mórán os cionn an reophointe – idir 0 agus 4 chéim.

Tá ceo seaca trom á thuar don oíche amárach ar mór an chontúirt é mar go mbeidh an léargas go dona in áiteanna. Beidh sioc crua ann agus é an-dona in áiteanna, rud a fhágfaidh bóithre ina reothalach. Tá sé á thuar go mbeidh an teocht idir an reophointe agus -5 faoi.

Ní thiocfaidh aon teas leis an Domhnach ach an oiread mar táthar á thuar nach ngabhfaidh an teocht mórán thar an reophointe an lá sin ar fad agus sioc, oighear agus ceo seaca á ngealladh dúinn ar feadh an Domhnaigh. Más fuar féin é beidh sé tirim den chuid is mó ach an corrmhúr a chaithfidh sé le cósta.  Leoithne bhog ghaoithe a bheidh againn ach beidh sé fuar i rith an lae ar fad mar go mbeidh an teocht idir 2 chéim faoin reophointe agus dhá chéim os a chionn.

Oíche Dé Domhnaigh is fuaire atá geallta agus teocht idir 6 chéim faoin reophointe agus dhá chéim os a chionn á thuar, siocfaidh sé go gaineamh rua agus beidh leac oighir forleathan. Teannfaidh ceathanna geimhriúla flichshneachta agus sneachta isteach níos gaire linn ar chósta an Atlantaigh.

Conáilte, préachta a bheidh muid arís ar an Luan agus gach cosúlacht air nach gcorróidh an teocht in go leor áiteanna thar an reophointe chor ar bith an lá sin. Aon cheo a bheidh fós fanta intíre is beag seans go n-ardóidh sé ar an Luan. Lá tirim a bheidh ann seachas corrmhúr geimhriúil le cósta agus geoladh gaoth anoir a bheidh againn. Athreo arís a bheidh ar an oíche Dé Luain agus an teocht idir dhá chéim agus ceithre chéim faoin reophointe agus beidh sioc, oighear agus ceo seaca forleathan agus gaoth dheannachtach anoir aduaidh. Beidh an spéir glan sa gcuid is mó den tír cé is moite de na ceantair cois cósta, mar a bhféadfadh sé a bheith scamallach agus corrmhúr fánach á gcaitheamh isteach den fharraige.

Ag an tráth seo níl á thuar don Mháirt ach tuilleadh den fhuacht agus an teocht ag seadú faoin reophointe. Fanfaidh sé tirim cé go mbeidh corrphaiste ceo seaca ann agus leoithne aduaidh againn. Is deacair a thuar go cinnte ach tá chuile chosúlacht go ndéanfaidh sí seachtain fhada fhuar.

Níos mó