Ceardlann na Múinteoirí
Ceardlann na Múinteoirí
@ Marist Brothers Retreat Center
ClassSocraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach bliain ar son Múinteoirí na Gaeilge, agus beidh Ceardlann na Múinteoirí 2023 ar 19 - 20 Feabhra in Esopus, Nua-Eabhrac. Tá an-áthas orainn i mbliana go mbeidh Caitríona Ní Luasa mar stiúrthóir againn, buíochas le tacaíocht lách gCoimisiún Fulbright in Éirinn. Cheap muid go mbeadh Caitríona linn anuraidh, ach bhí an plean sin loite ag an bpaindéim. Mura n-éiríonn leat ar an gcéad iarraidh ná loic.
Bhain Caitríona Máistreacht san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, chomh maith le Máistreacht sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil Chorcaí. Tá sí ag obair mar mhúinteoir Gaeilge ó 2013, agus mar Phríomhoide i nGaelscoil Naomh Séamas, Cill Orglan, Co. Chiarraí ó 2018.
Baineann Caitríona taitneamh as Ceol Traidisiúnta, Dramaíocht, Amhránaíocht ar an Sean Nós, Damhsa Céilí, Spórt, Athchúrsáil agus Caomhnú na timpeallachta, chomh maith le haire a thabhairt do dhaoine, go háirithe seandaoine agus leanaí.
Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc seo.
Spriocdháta: 10ú Feabhra 2023