Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tionchar-an-triu-teanga-a-thabhairt-isteach-sa-bhunscoil-‘a-mheas-go-curamach’

Tionchar an tríú teanga a thabhairt isteach sa bhunscoil ‘á mheas go cúramach’

| Tuairisc.ie | ,

Deir an tAire Oideachais nach bhfuil cinneadh déanta go fóill maidir leis an tríú teanga a thabhairt isteach do dhaltaí bunscoile, moladh atá ag déanamh imní dóibh siúd a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais

Tionchar an tríú teanga a thabhairt isteach sa bhunscoil ‘á mheas go cúramach’

Níl sé curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais go ngearrfaí siar an méid ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil.

Nuair a ceistíodh an tAire Oideachais Norma Foley an tseachtain seo faoin imní atá ar dhaoine go bhfuil sé i gceist aici gearradh siar ar uaireanta teagaisc na Gaeilge sa churaclam bunscoile nua atá á ullmhú faoi láthair, dhiúltaigh sí don deis a leithéid a chur as an áireamh.

Ina áit sin, thug sí le fios don Teachta Dála Éamon Ó Cuív, nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoina bhfuil i ndán do theagasc na Gaeilge sa churaclam nua.

Tá sé ina imní ag daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais go mbeidh an Ghaeilge thíos le haon chinneadh an tríú teanga a mhúineadh do dhaltaí bunscoile.

I dtuairisc san Irish Times le déanaí faoin gcreat nua do churaclam na bunscoile atá á mheas ag an Roinn Oideachais, dúradh go dtiocfadh laghdú leathuair an chloig sa tseachtain ar mhúineadh an Reiligiúin do dhaltaí ó Rang a 3 ar aghaidh chun cuid den am a bheidh ag teastáil chun teanga eile a mhúineadh a fháil. Ach níl sé soiléir cá as a dtiocfadh an 30 nóiméad eile.

Sna moltaí a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i gcomhairliúchán poiblí maidir le conas a d’fhéadfaí an t-am a fháil chun an tríú teanga a mhúineadh, bhí níos lú ama don Ghaeilge i gceist le péire de na roghanna. Faoin rogha eile d’fhágfaí faoin scoil  é an t-am a roinnt, rud a chruthódh an baol go mbainfí ón am don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla.

Bhí Conradh na Gaeilge ina measc siúd a chuir i gcoinne na moltaí a rinne an CNCM mar chuid den chomhairliúchán agus dúirt an eagraíocht gur cheart a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge á múineadh i gceart sna bunscoileanna sula ndíreofaí ar teagasc an tríú teanga.

Tuairiscíodh go raibh an tAire Oideachais Norma Foley chun a beannacht a thabhairt don churaclam nua go luath sa bhliain nua, ach deir sí anois go gcaithfear machnamh a dhéanamh air.

I bhfreagra scríofa ar cheist Dála, dúirt an tAire go raibh an creat don churaclam “á mheas go cúramach” agus go bhfoilseofaí é nuair a bheadh an obair sin curtha i gcrích.

“Tá an Creat curtha faoi bhráid mo Roinne ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta dá bhreithniú. Tuigim an fonn atá sa phobal oideachais agus sa phobal i gcoitinne go bhfoilseofaí Creatchuraclam na Bunscoile ach ní mór dúinn ár mbreithne a thabhairt chun críche ar dtús.

“Tá an Creat á mheas go cúramach ag m’oifigigh agus agam féin lena chinntiú go dtacóidh sé le boird bhainistíochta, le ceannairí scoile agus le múinteoirí, oideachais cuí a chur ar fáil dár leanaí go léir inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta agus go dtacóidh sé le forbairt curaclam bunscoile a fhreastalaíonn ar riachtanais dhaltaí an lae inniu agus na todhchaí.

“Foilseofar an Creat nuair a bheidh na breithnithe sin tugtha chun críche,” a dúirt an tAire Foley.

Níos mó