‘Aistear na Scoile’- Conamara Láir
‘Aistear na Scoile’- Conamara Láir
@ Ionad Pobail Chill Chiaráin
Lecture / Talk Seachtain na Gaeilge with Energia Arts and EntertainmentTá ríméad ar Phleanáil Teanga Chonamara Láir cuireadh a thabhairt daoibh chuig ócáid 'Aistear na Scoile' atá á reáchtáil i gcomhar le hEnergia & Gaeloideachas chun aitheantas a thabhairt do Choistí/Buddies Gaeilge Scoileanna Chonamara Láir.
Beidh seastáin eolais ann le heagraíochtaí atá dírithe ar oideachas/seirbhisí tré Ghaeilge do theaghlaigh agus aoichainteoirí chun béim a chur ar an téama ‘Aistear na Scoile’- ag cruthú nasc idir an luathoideachas, bunoideachas, agus an t-oideachas dara leibhéal. Is deis é seo tábhacht na Gaeilge agus an tumoideachas a mheabhrú do thuismitheoirí.
Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh na daltaí bunscoile ag seinm ceoil.
Dáta: 8 Márta 2023
Ionad: Halla Pobail Chill Chiaráin
Am: 5:30 - 7:30 i.n.