An Scannán ‘AISLING TRÍ NÉALLAIBH’
An Scannán ‘AISLING TRÍ NÉALLAIBH’
@ Seanscoil Sailearna, Indreabhán
Seachtain na Gaeilge with Energia Arts and EntertainmentScannán atá anseo ina ndéantar iniúchadh agus plé ar domhan is ar phróiséas cruthaíochta atá ag an bhfile Doireann Ní Ghríofa. Bhain Doireann cáil amach de bharr A Ghost in the Throat (2020), leabhar a ghnóthaigh iliomad gradam di. Cuimhní, máithreachas agus an mhistéir a bhaineann leis an gcruthaíocht is ábhar don scannán faisnéise spreagúil seo, atá déanta ag an stiúrthóir Ciara Nic Chormaic. Beidh Ciara i láthair ag an scannán le páirt a ghlacadh i seisiún Q&A.
Organizer
Club Scannánclubscannan@gmail.com0864048881Do dhaoine nach bhfuil ballraíocht acu sa gClub Scannán, is féidir ticéad a cheannach don 'Aisling Trí Néallaibh' ach an nasc https://buytickets.at/clubscannan/827559 a úsáid NÓ is féidir íoc ag an doras ar an oíche le airgead trim, más fearr leat.Tá blaiseadh den scannán 'Aisling Trí Néallaibh' le fáil ach dul chuig an nasc seo https://bit.ly/3DPrkvd.