![](/wp-content/themes/yootheme/cache/91/coislife-91f4880b.png)
Le Chéile – Cois Life
Le Chéile – Cois Life
@ Halla na Saoirse
Seachtain na Gaeilge with Energia Arts and EntertainmentLe Chéile Cois Life
Abair Amhrán agus Cas Ceol!
Tabharfaidh Le Chéile Cois Life réimse leathan amhránaithe agus ceoltóirí traidisiúnta le chéile i gcomhair turas ceoil feadh bhruacha Abha na Life – Anna Livia James Joyce – chun stair shóisialta na cathrach a rianú ón tseanré Ghaelach anuas go dtí saol ilchultúrtha an lae inniu le ceol, amhránaíocht agus filíocht.
Is é Des Geraghty a bheidh mar threoraí againn ar an turas seo. Ag cuidiú leis beidh an sárphíobaire uilleann Mick O’Brien, an fidléir agus an cumadóir cáiliúil Máire Breatnach agus an tríréad traidisiúnta, na Dublin Lasses, mar aon leis na hamhránaithe mór le rá Antaine Ó Faracháin, Noel O’Grady, Jerry O’Reilly agus Seán Ó hEarcáin, le hionchur breise ó Liam Mac Mathúna, Ollamh Emeritus le Gaeilge, UCD.
Beidh Le Chéile ar siúl in Amharclann Halla na Saoirse ar thaobh na Life Dé Céadaoin 15 Márta ag 7.30 pm. Seo an seó ceart chun tús a chur le féile Lá le Pádraig san ardchathair – léiriú ar fhuinneamh agus ar spiorad cruthaitheach an chultúir Ghaelaigh. Ní hamháin gur imir an cultúr Gaelach seo againne tionchar ar mhórán dár bhfilí agus dár scríbhneoirí cáiliúla Béarla, ach tá sé mar bhonn faoinár dtraidisiúin ceoil, a bhfuil aitheantas domhanda bainte amach acu faoi seo.
Cé gur ar an nGaeilge a bheidh an bhéim sa seó, níor cheart go gcuirfeadh easpa taithí ar an teanga bac ar aon duine sa lucht féachana. “Beidh cuid mhór ann do chách, fiú iadsan atá ar bheagán Gaeilge,” a deir Des.
Ticéid: €15 - Le fáil ar líne ó gr8events.ie Cliceáil anseo le cur in áirithe.
Tuilleadh eolais anseo.